Sraith ghairmiúil nua do mhná sa Pheil Astrálach
Ag tús na bliana seo caite chuir lucht na peile Astrálaí tús le sraith ghairmiúil do mhná.
Tá ocht bhfoireann ann, agus tá duine de na himreoirí peile ab fhearr riamh sa tír seo ann faoi láthair ag imirt do Greater Western Sydney.
Tá aip seolta ag AFL Women a thugann deis dúinne atá ar an taobh eile den domhan súil a choinneáil ar an tsraith, agus ar ndóigh ar dhul chun cinn Cora Staunton. Níl aon leithscéal againn níos mó faoi
amchriosanna mar tá sé ar fad ar an aip.