Ar sheol tú rud éigin chuig Mamaí? Is dócha gur sheol...
DEA-SHEACHTAIN DO MHUINTIR NA HÉIREANN
Tá stair na tíre seo lán le caillteanas, ansmacht agus díomá ach is mar shárchumhacht dhomhanda a bhí muid an tseachtain seo caite.
Bhuaigh muid Craobh na Sé Náisiún go compordach agus sheas muid go dúshlánach os comhair Impireacht na Breataine maidir le teorainn an tuaiscirt, ár ndeartháir mór ag seasamh taobh linn go cosantach.
Bhí spiorad aisteach ionam; “céard é seo?” a dúirt mé liom féin go mearbhlach. Ansin thuig mé céard a bhí ag tarlú. Bród a bhí ann. Nó, ní fiú bród a bhí ann, ach… tírghrá! Tírghrá iomlán, agus ní tírghrá tanaí bunaithe ar bhród bréagach as ár n-acmhainn ólacháin nó sa méid “craice” a bhaineann linn, ach fíorbhród dílis as an méid a bhí bainte amach againn. Tá féinmhuinín nua ag teacht ar an tír, muid ag siúl go postúil síos sráid an domhain, bail ó Dhia orainn, b’fhéidir gur cheart dúinn ionradh a dhéanamh ar thír éigin agus muid chomh spréachta seo. Céard faoin Fhrainc? DROCHSHEACHTAIN DO MHAMAÍ ÁIRITHE Drochsheachtain a bhí ann le haghaidh gach máthar nach bhfuair postáil bhogúrach mhaoithneach ar na meáin shóisialta Dé Domhnaigh seo caite.