Gael Linn ag ceiliúradh le ceolchoirm i gCorcaigh
Ní hamháin gurb é seo Bliain na Gaeilge, ag comóradh 125 bliana ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ach tá cúis cheiliúrtha freisin ag Gael Linn a bunaíodh 65 bliana ó shin.
Tá ceolchoirm le cuid de na hoirfidigh is aitheanta i saol na Gaeilge beartaithe ag an eagras ceannródach Gaeilge chun an lá breithe suntasach seo a aithint.
Páirteach sa cheolchoirm beidh Jackie Daly, Colm Murphy, Máire Ní Chéilleachair, Leoithne, Conal Ó Gráda, Peadar Ó Riada agus Seán Ó Sé, ceoltóirí a d’eisigh ceirníní ar lipéad Gael Linn i gcaitheamh na mblianta ó bhunaigh Dónall Ó Móráin é in 1953.
Beidh an cheolchoirm ar siúl in Óstán an Imperial ar an 29 Márta.