Gradaim do lucht scannán is teilifíse
Tá 14 thogra Gaeilge ar an ngearrliosta le haghaidh gradaim ag Féile na Meán Ceilteach a bheidh á reáchtáil in Llanelli sa Bhreatain Bheag go luath.
I measc na dtograí a fuair ainmniúchán tá Random Acts as Gaeilge, sraith úr a craoladh ar líne ar rte.ie anuraidh. Thug an tsraith seo aitheantas do rudaí éagsúla a tharla trí mheán na Gaeilge ar nós an Pop Up Gaeltacht agus go leor eile.