Gradam mór ag an Pop Up Gaeltacht
D’éirigh leis an Pop Up Gaeltacht, an Ghaeltacht is mó fás i saol na Gaeilge, gradam ar leith a bhuachan ag gradaim Ghlór na nGael a bronnadh ag an deireadh seachtaine.
Bronnadh Gradam Ghlór na nGael ar Pheadar Kavanagh agus Osgur Ó Ciardha ag an ócáid i mBaile Átha Luain as ucht an ghluaiseacht dhomhanda seo a spreagadh agus a chur ar bun beagán sa bhreis ar bhliain ó shin.
Tá an Pop Up Gaeltacht scaipthe ar fud an domhain le 12 mhí anuas agus daoine ag léiriú fonn dul amach agus bheith ag comhrá lena gcairde.
Beidh an chéad Pop Up Gaeltacht eile i Lána an Dáma i mBaile Átha Cliath oíche amárach.