BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Tá aisling Twickenham fós beo, an Chaithréim Mhór fós ar fáil.
Níl sa mbealach anois ach Sasana, atá gortaithe agus contúirteach.
Ní bheidh siad ag iarraidh trí chluiche i ndiaidh a chéile a chailleadh. Ar an taobh eile, tá 11 chluiche i ndiaidh a chéile buachta ag Éirinn, éacht ann féin.
B’fhéidir gurbh é an lagmhisneach nádúrtha atá ionam mar dhuine mar go bhfuil na blianta de bhriseadh croí fulaingthe agam de bharr fhoirne na tíre seo, ach ní féidir a rá go raibh gach bua iontach.
Is ar éigean gur bhuail siad an Fhrainc agus rinne na hAlbanaigh botúin a bhronn an cluiche ar Éirinn. Cé nach bhfuil imirt Shasana iontach an séasúr seo, ní dheanfaidh siad dearmaid na hAlban.
Cúis dóchais dúinn luas agus cruinneas Jacob Stockdale a fuair dhá úd Dé Sathairn. Sin deich n-úd in ocht gcluiche.
Má tá siad chun an jab a dhéanamh i Twickenham, caithfidh muid a bheith ag súil leis go mbeidh gach duine ar an bpáirc níos cúramaí, agus go mbeidh draíocht Stockdale scaipthe ar an bhfoireann ar fad. PIC: INPHO/TOMMY DICKSON