An Ceathrú Díochlaonadh
Tá na hainmfhocail sa Cheathrú Díochlaonadh beagnach uilig firinscneach. Críochnaíonn siad ar -ín / ar ghuta. Déanann tú na hathruithe seo a leanas chun ainmfhocal sa Cheathrú Díochlaonadh a chur sa T.Gin. Uatha:
1. + an (fir.) + h le consan/t roimh s/faic roimh ghuta; + na (bain.) agus faic / h roimh ghuta
2. Ní athraíonn deireadh na bhfocal seo sa T. Gin. Uatha. m.sh. fir.: an comhrá - fad an chomhrá, an seomra - méid an tseomra, an t-oibrí - cóta an oibrí, an cailín - gruaig an chailín, an mála - bun an mhála, an builín - blas an bhuilín.
m.sh. bain.: an aiste - marc na haiste, an tslí - fad na slí, an fhírinne - slí na fírinne, an fharraige - torann na farraige.
Is tréaniolraí iad na hainmfhocail uilig sa Cheathrú Díochlaonadh - críochnaíonn siad ar -í, -te, -the, -anna san Uimhir Iolra.
Bain triail as na habairtí seo:
1) Tá dath (an coinín) go hálainn.
2) Níor thosaigh siad ag ithe (an béile) go dtí a naoi a chlog!
3) D’eagraigh mé mo laethanta saoire timpeall (an fhéile).
4) Seo mála (an páiste).
5) Tá carr (an cailín) sa gharáiste.