An Cúigiú Díochlaonadh
Níl ach beagán ainmfhocal anseo, tá siad beagnach uilig baininscneach. Críochnaíonn siad ar chonsan caol, (-in, -il, -ir) nó ar ghuta. Déanann tú na hathruithe seo a leanas chun ainmfhocal sa Chúigiú Díochlaonadh a chur sa T.Gin.:
1. + na (bain.) / h roimh ghuta; an (fir.) + h le consan/t roimh s/faic roimh ghuta.
2. + leathnú (críochnaíonn siad ar chonsan leathan sa T.Gin. Uatha de ghnáth)
m.sh. bain.: an cháin - airgead na cánach, litir - clúdach litreach, an chathair - lár na cathrach, abhann – bruach abhann, an deirfiúr - lámh na deirféar, an mháthair - grá na máthar.
m.sh. fir.: an t-athair - grá an athar, an cara - lámh an charad, an deartháir - geansaí an dearthár.
*Ní chuirtear séimhiú ar ‘d/t’ sa T.Gin. Is tréaniolraí iad na hainmfhocail sa Chúigiú Díochlaonadh.
* Bain triail as na habairtí seo:
1) Bhí carr (an mháthair) briste síos.
2) D’íoc siad an-chuid (cáin) i mbliana.
3) Chonaic mé ag an stáisiún (traein) é.
4) Shiúil siad timpeall (an chathair) ar an Satharn.
5) An ndeachaigh tú go dtí teach (do chara)?