Seachtain na Gaeilge le Energia
Mar is eol do chách, tá Bliain na Gaeilge ar siúl i mbliana. Ach ní hamháin go bhfuil ócáidí ar siúl anseo in Éirinn chun ár dteanga a cheiliúradh, ach tá imeachtaí eagraithe ar fud an domhain. Seo cúpla eachtra a bheidh ar siúl i Meiriceá:
I gcathair Nua-Eabhrac i mí Bealtaine, beidh Salon na Gaeilge ar siúl. Tugann an ócáid seo deis d’fhilí, do cheoltóirí, do scríbhneoirí agus d’aisteoirí teacht le chéile chun seó a chur ar siúl as Gaeilge. Tá Club Leabhar i Nua-Eabhrac freisin agus pléann siad leabhair Ghaeilge.
I dTalamh an Éisc (Newfoundland), eagrófar turas go dtí na háiteanna ‘Gaelacha’ sa cheantar. Bhí céilí agus seisiún ceoil ar siúl in Montana agus bhí ‘PreabGhaeltacht’ ar siúl in Honolulu in Haváí. Bhí an chéad ‘PreabGhaeltacht’ i mBaile Átha Cliath in 2016. Má theastaíonn uait ócáid a eagrú, féach ar www.gaeilge2018.ie