Cluiche Ceannais na gClub 17 Márta 2018
Beidh na bóithre gnóthach ar Lá Fhéile Pádraig. Beidh na páistí sceitimíneach agus ag gléasadh in éadaí uaine. Beidh rinceoirí agus ceoltóirí le feiceáil ag cleachtadh don lá mór. Beidh paráid mhór i ngach baile mór agus cathair sa tír. Ach beidh daoine eile ag féachaint ar na foirne sa pharáid timpeall na páirce i bPáirc an Chrócaigh. Beidh peileadóirí agus iománaithe ag cleachtadh agus beidh canadh agus cúpla bodhrán le cloisteáil sa pháirc freisin. Ach ní chun Naomh Pádraig a cheiliúradh a bhaileoidh siad ann. Tá a naoimh féin ag an lucht féachana seo; is iad fir óga an pharóiste na laochra nó na naoimh i súile na n-óg. Beidh Cora Finne na Gaillimhe ag glacadh páirte i gCluiche Ceannais Peile na gClub den tríú huair. Éacht iontach is ea é seo. D’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Achadh Mhórdha. Bhí na foirne ar comhscór go minic i rith an chluiche ach nuair a fuair Liam Silke cúl, bhí sé níos soiléire cé a bheadh ag dul go Páirc an Chrócaigh. Tá Cora Finne ag súil leis an lá chun greim a fháil arís ar an gcorn. Tá club Shleacht Néill, i nDoire, agus a lucht leanúna, an–ghnóthach. Tá ag éirí go hiontach leis an gclub san iomáint agus sa pheil. Is i gcoinne Ráonaithe Nemo a bhí siad ag imirt sa chluiche leathcheannais. D’éirigh le Ráonaithe Nemo an bua a fháil ar Shleacht Néill. An scór deiridh a bhí ann ná Ráonaithe Nemo 2-19 Sleacht Néill 1-14. An mbeidh siad in ann an lámh in uachtar a fháil ar Chora Finne sa chluiche ceannais, áfach?
D’éirigh le Cuala Bhaile Átha Cliath an lámh in uachtar a fháil ar Chlub Liam Uí Mhaoilíosa. Ní hí seo an chéad uair do Chuala dul ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh. An scór deiridh a bhí ann ná Cuala 1-17 Liam Uí Mhaoilíosa 0-11. Bhuaigh Cuala an corn anuraidh agus beidh siad ag iarraidh é a choimeád ar feadh bliana eile ar a laghad. Ach teastaíonn ó Na Piarsaigh i Luimneach greim a fháil ar an gcorn sin freisin! Ní hí seo an chéad uair dóibh a bheith i bPáirc an Chrócaigh ach oiread agus cabhróidh an taithí sin leis an dá fhoireann ar an lá. D’éirigh leis Na Piarsaigh an lámh in uachtar a fháil ar Shleacht Néill sa chluiche leathcheannais. An scór deiridh a bhí ann ná Na Piarsaigh 3-15 Sleacht Néill 3-8.