Dráma Ranga - ‘Dís’
Déan grúpaí de thriúr sa rang, Dr Phil, Seán agus a bhean. Is tusa an Dr Phil agus tá an lánúin seo, Seán agus a bhean, ar an gclár. Insíonn an bhean an scéal mar a tharla sa ghearrscéal duit. Lig dóibh trí ghearán an duine a dhéanamh faoin saol. Ansin, léirigh:
- go dtuigeann tú mianta na mná
- go dtuigeann tú mianta an fhir
- céard é an rud is fearr don pháiste
- cén chaoi ar féidir leis an mbean a stádas a ardú
- conas is féidir leo cumarsáid níos fearr a dhéanamh
- tabhair breith ar an gcás...an éireoidh leo mar lánúin, i do thuairim phroifisiúnta?
Seol abhaile iad le ‘Clár 10 gCéim’ chun cabhrú leo a gcaidreamh a fheabhsú amach anseo. Céimeanna réadúla atá ag teastáil!
m.sh. 1. Seán: tóg deich nóiméad i rith am dinnéir le héisteacht le do bhean; ná déan tada ach éisteacht léi i rith an ama sin.