Irish Independent - Seachtain

Comórtas na dTomhas

-

Seo comórtas don rang ar fad. Déanaigí foirne agus léigí na tomhais seo. Cé na freagraí atá orthu?

1. Droichead ar loch gan mhaide gan chloch. Céard é féin?

2. Nuair a deir tú m’ainm, scriosann tú mé.

3. Cén rud nach bhfuil mórán maitheasa ann go dtí go mbristear é?

4. Dhá chapall déag bán ar chnoc dearg.

5. Aghaidh gan chluas, gan bhéal, gan srón, gan smig, gan mhuineál.

6. Cén rud is mó a ritheann gan chos?

7. Ceist a chuir tuatach ar shagart, agus theip ar easpag é a fhreagairt: ‘Tá deartháir ar dheartháir m’athar, agus ní uncail dom an té sin’.

8. Chomh bán le sneachta, chomh dearg le fuil, chomh hard leis an mballa agus chomh milis le mil. Cén rud é?

9. Bairille ban agus dhá shaghas bia ann.

10. Ní itheann tú é, agus ní ólann tú é, agus ní beo thú ina éagmais. Céard é?

11. Póca folamh ach rud éigin ann.

12. Cén áit ar ghlaoigh an coileach is gur chuala an domhan ar fad é?

13. D’éirigh mé amach maidin dearg cheo is chonaic mé an marbh ag iompar an bheo. Cé mise?

14. Feiceann tusa é ach ní fheiceann mise é, ach is gaire domsa é ná duitse.

15. Dá mhéad acu a thógann tú is ea is mó a fhágann tú i do dhiaidh. Céard é?

16. Bean bheag uasal ag scuabadh an chosáin, gan chraobh, gan scuab, gan chuaille, gan scáthán.

17. Cén rud nuair is mó a theastaíon­n sé uait, go mbeireann tú air is go gcaitheann tú uait é?

18. Ní atá ann ó thús an tsaoil, is nach bhfuil ach mí d’aois. Céard í?

19. Cad a mhaireann má thugann tú bia dó, ach a fhaigheann bás má fhaigheann sé deoch?

20. Tobairín fíoruisce ar fhíorbharr an tsléibhe, fuinneoigí­n gloine leis is doraisín cré.

21. Níl sé amuigh ort, níl sé istigh ort. Tá sé ort is ní trom leat é.

22. Dá mhéad a thriomaíon­n sé is ea is mó a éiríonn sé fliuch. Cad é?

23. Cad atá ag duine ach nach féidir leis é a choimeád ach dhá nóiméad?

24. Ní chuireann sé aon cheist lena ghlór, ach faigheann sé freagraí go leor.

25. Filleann sé ón sliabh de ló is d’oíche, ach ón machaire mín ní fhilleann sé choíche.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland