Irish Independent - Seachtain

Tabú

-

Roinn an rang i ngrúpaí de thriúr. Caithfidh gach duine focal Gaeilge a scríobh ar phíosa páipéir. m.sh. cuisneoir, ceapaire, múinteoir, scamall, srl. Cuir na píosaí páipéir i mbosca, déan iad a mheascadh agus lig do gach duine píosa a thógáil. Anois, caithfidh duine A cur síos a dhéanamh as Gaeilge ar an bhfocal GAN an focal féin a lua. Caithfidh an bheirt eile buille faoi thuairim a thabhairt ar an bhfocal. Má tá sé ró-éasca, cuir focal eile ar an bpíosa páipéir nach bhfuil cead é a úsáid ach oiread, chun an focal a mhíniú. Nuair atá an grúpa críochnait­he lena bhfocail, cinntigh go bhfuil gach duine tar éis iad a dhéanamh níos deacra don chéad ghrúpa eile agus ansin malartaigh iad.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland