D’fhéadfadh Éire €300m a íoc as iarracht dúnmharaithe
D’fhéadfadh trádbhaic deireadh a chur le leas na hÉireann in easpórtáil chuig an Rúis
D’fhéadfadh Éire íoc go daor as an mbaint a bhí ag an Rúis ceaptar le hionsaí sceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe, dar le saineolaithe.
Thug Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, go dtí meán oíche aréir do riarachán Vladimir Putin chun míniú a thabhairt ar an gcaoi ar tugadh nimh d’iar-spiaire in Salisbury, Sasana.
Tá Sergei Skripal agus a iníon Yulia fós i gcontúirt a mbáis. Gortaíodh póilín freisin nuair a chuaigh sé chuig an bpáirc inar aimsíodh iad deich lá ó shin.
Meastar go n-iarrfaidh an Bhreatain ar an Aontas Eorpach agus ar Mheiriceá tacú leo agus réimse leathan smachtbhannaí nua a chur i bhfeidhm ar an Rúis, as a n-eascróidh freagra ó Putin a d’fhéadfadh deireadh a chur leis na céadta milliún euro in easpórtálacha d’Éirinn. TIONCHAR Thug May rabhadh nach nglacfadh an Bhreatain “le hiarracht chomh teanntásach sin sibhialtaigh neamhurchóideacha a dhúnmharú inár dtír”, agus dúirt sí gur substaint mhíleata a d’fhorbair na Rúisigh sna 1980idí a bhí san oibreán néaróige.
Ach beidh tionchar trom ag an iarracht an spiaire a dhúnmharú i Sasana ar Éirinn.
Bhí gnólachtaí Éireannacha thíos leis cheana féin mar gheall ar smachtbhannaí roimhe seo, ach bhí deireadh le teacht le go leor díobh siúd níos deireanaí i mbliana.
Bhí an Rúis ar cheann de na margaí easpórtála is sciobtha fás d’Éirinn, agus luach na n-easpórtálacha bia ag méadú 500% idir 2009 agus 2014. B’fhiú
€722m na heaspórtálacha iomlána in 2014, an tsuim ab airde riamh.
Ach laghdaigh na heaspórtálacha faoina leath ó shin, agus an tionchar is measa ar earnáil muiceola na hÉireann ó eisíodh smachtbhannaí in 2015.
Agus d’fhéadfaidís críochnú ar fad toisc go bhfuil Putin ag iarraidh neamhspleáchas a chur chun cinn – d’fhéadfadh trádbhaic deireadh a chur le spéis na hÉireann in easpórtálacha Rúiseacha agus níos mó ná €300m in easpórtálacha.
“Is dócha go dtacóidh an tAontas Eorpach leis an mBreatain sa chás seo, d’ainneoin an Bhreatimeachta,” a dúirt feidhmeannach sinsearach amháin de chuid Fhiontraíocht Éireann.
“A luaithe is a chualamar faoin eachtra seo in Salisbury thit an lug ar an lag orm mar go raibh a fhios agam ansin go raibh seans go raibh baint ag an Rúis leis, agus go n-eascródh trádbhac as le smachtbhannaí nua buille ar bhuille, ach go mbeadh cúrsaí i bhfad níos measa an uair seo.
“Bímis réadúil faoi. Níl an Bhreatain chun cogadh a thosú in aghaidh na Rúise. Is cinnte nach ndéanfaidís é sin. Ach tabharfaidh siad smachtbhannaí nua isteach agus tacóidh an tAontas Eorpach leo – Éire ina measc. Mar sin beidh muidne thíos leis arís agus an uair seo cuirfear deireadh nach mór leis an trádáil idir an tír seo agus an Rúis. Íocfaidh Éire go daor as seo ar fad.”