Buíochas gafa ag Varadkar leis an bpobal Choctaw
AN GORTA MÓR
Bhí sé geall le 170 bliain déanach ach an tseachtain seo ghabh an Taoiseach buíochas as an gcabhair a thug treibh Mheiriceánach do phobal na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir.
Bhí an Taoiseach Leo Varadkar ar cuairt ar an bpobal Choctaw in Durant, Oklahoma le linn turas go Meiriceá mar chuid den cheiliúradh le haghaidh Lá Fhéile Pádraig.
In 1847 agus an pobal Choctaw iad féin ag fulaingt ocrais is bochtaineachta, bhailigh siad $170 – $4,000 in airgead an lae inniu – agus sheol siad an deontas go hÉirinn chun cuidiú lenár sinsir in am a ngátair.
“Níor ligeadh bhur gcineáltas i ndearmad agus ní dhearmadfar é,” a dúirt an Taoiseach le linn na hócáide.
D’fhógair an Taoiseach go mbunófaí scoláireacht le cuidiú le daoine ón bpobal Choctaw teacht ag staidéar in Éirinn mar chomhartha buíochais ar son a gcineáltais le linn an Ghorta.
“Deis é seo go bhfoghlaimeoimis uaibh agus ó bhur gcultúr agus go mbeadh sibhse ábalta foghlaim uainne agus gur ar ár leas araon a bheidh an roinnt seo ar shaíocht is ar eolas,” a dúirt sé.
Ag an ócáid féin bhronn an Taoiseach Varadkar camán agus cóip den leabhar ‘Atlas of the Great Irish Famine’ ar Gary Batton, Taoiseach Phobal Choctaw. Ag tús a chuairte, agus é ag labhairt ag an bhféile South by South West in Austin, Texas, chas an Taoiseach Varadkar le Arnold Schwarzenegger, iar-Ghobharnóir California agus an t-aisteoir a ghlac páirt an ‘Terminator’ sa tsraith iomráiteach scannán. Amárach, casfaidh an Taoiseach leis an Uachtarán Donald Trump d’ócáid thraidisiúnta Bhronnadh na Seamróige sa Teach Bán.