Críochnóidh Seachtain na Gaeilge ar an Satharn beag seo, Lá Fhéile Pádraig.
Tá triúr ambasadóirí ar an bhféile i mbliana. Tá Noel McGrath a bhíonn ag imirt iománaíochta le foireann Thiobraid Árann ina ambasadóir. Is í Caitlín Nic Aoidh an t-aon bhean atá mar ambasadóir. Is as Ghaeltacht Dhún na nGall do Chaitlín. Agus tá James Patrice mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia. Úsáideann James Gaeilge ar Snapchat agus Instagram!