Irish Independent - Seachtain

CHRIS GREENE AGUS DÁITHÍ Ó SÉ:

SCOTH NA SCRÍBHNEOI­RÍ ISTIGH

-

Tá Lá ’le Pádraig chughainn, am nuair a thógann an bhliain casadh eile. Is cuimhin liom a bheith aige baile i gCorca Dhuibhne agus chomh luath agus a thagadh Lá l’e Pádraig bheadh muintir na háite ag ullmhú dos na cuairteoir­í in athuair.

Cé go mbeidh sé ciúin go ceann cúpla seachtain eile, seo an dáta a chuireann rudaí sa tsiúl. Is dóigh liom go mbíonn áiteanna eile turasóirea­chta mar an gcéanna!

Mar sin bíonn beocht agus úire ag baint leis agus bíonn sé seo ag teastáil mar gur séasúr fada atá ann! Don gcuid eile againn is mó do chaint a bhíonn againn ar thráthnónt­a fada agus teacht an earraigh agus gach a bhaineann leis.

Roimh Lá ’le Pádraig gan dabht tagann féile rásaíochta Cheltenham agus má thugann siad lá mór na nGael ar an 17ú lá níl aon dabht ach go dtugann siad seachtain na nGael ar an tseachtain a thagann roimhe!

Sin má éiríonn go maith linn leis na Capaill! D’éirigh go maith leis na Gaeil anseo i gcónaí ach le breis agus deich mbliana tá ag éirí go hiontach linn agus tá braistint ann gurb iad Éire agus Sasana a bhíonn ag imirt a chéile agus deintear é seo i slí mhaith spórtúil.

Aon uair a bhíos ann bhí an dá dhream ana-mhór le chéile agus spiorad na féile le fáil i ngach áit!

Sé an trua nach mbeidh Sizing John ag rith sa Chorn Óir Dé hAoine, tá’s agam go bhfuil croí Jessica Harrington briste go mór mhór tar éis don gcapall sin an rás sin a bhuachaint anuraidh.

Tá mo shúil fhéin ar Killultagh Vic anois! Seo lá a bhíonn go maith i gcónaí sa Ghaillimh mar go dtéann cuid mhaith amach ag féachaint air agus bhí sé sa phlean agam fhéin ach beidh Mícheál seo againne 4 an lá dár gcionn agus dá rachainn isteach ní bheinn in ann do aon rud an lá dár gcionn!

’Sea beidh mo bhuachaill­ín óg ceithre bliana Lá ’le Pádraig agus níl fhios againn cá bhfuil an t-am sin imithe. Is mó rud atá athruithe ó shin i slite iontacha. B’fhéidir go mbainfear lá an choirn óir amach i gceann fiche bliain!

Beidh Éire agus Sasana le chéile sa Rugbaí chomh maith Dé Sathairn agus níl aon dabht ach go mbeidh cluiche maith ann mar aon le Páirc an Chrócaigh agus cluichí ceannais na gclub ar siúl. Cé a déarfadh go mbeadh Tomás Ó Sé ag imirt ansan aríst?

Guím gach rath air agus le cúnamh Dé gheobhaidh séan bonn a chaill sé ann in 2004!

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ?? Cheltenham: An rud is fearr faoin tráth seo bliana!
Cheltenham: An rud is fearr faoin tráth seo bliana!
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland