Turasóireacht á spreagadh mar gheall ar chúrsaí Breatimeachta
Cabhróidh euro níos laige leis an laghdú ar líon na gcuairteoirí
D’fhéadfaí geilleagar na hÉireann a neartú tuilleadh agus an steirling ag éirí níos luachmhaire, dar le heacnamaithe.
Chabhródh euro níos laige i rith an tsamhraidh go mór le cúrsaí turasóireachta agus leis an laghdú a tháinig ar líon na gcuairteoirí ón Ríocht Aontaithe a chur ina cheart.
Cabhróidh sé freisin le bailte teorann sa Phoblacht a spreagadh, bailte atá thíos leis mar gheall go bhfuil daoine ag dul ag siopadóireacht sa Tuaisceart seachas sna bailte teorann le bliain anuas.
Thosaigh an treocht nua Dé Luain nuair a chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe téacs don mhargadh idirthréimhseach don Bhreatimeacht.
Cé go bhfuiltear fós ag obair ar chás theorainn na hÉireann, d’ardaigh an punt níos mó ná 1%, agus meastar go n-ardóidh sé tuilleadh as seo go ceann cúpla seachtain.
B’fhiú 88p euro amháin ach measann Danske Bank go bhfuil luach cóir an ráta EUR/GBP ag thart ar 0.75, atá ionann le ráta 1.33 Punt go Euro. Mhéadódh sé sin líon na gcuairteoirí ón mBreatain arís.
Cheadaigh an tAire Turasóireachta Brendan Griffin €1.8 milliún breise d’fheachtas Thurasóireacht Éireann sa Bhreatain as seo go ceann cúpla seachtain eile, a bhfuil mar aidhm leis turasóirí ón mBreatain a mhealladh chuig Slí an Atlantaigh Fhiáin.
Rinne anailísithe Danske Bank ríomh ar na figiúirí lena samhail MEVA – bogearraí dílsithe casta a úsáidtear chun gluaiseachtaí sna rátaí malartaithe a thuar as seo go ceann idir bliain agus trí bliana.
Meastar go méadóidh an Bhreatain rátaí úis i mí na Bealtaine, a spreagfaidh an steirling tuilleadh.
Is iad na cuairteoirí ón mBreatain an margadh turasóireachta is mó atá ag Éirinn, agus thit a líon 5% in 2017 mar gheall ar an euro láidir deirtear.
Cúitíodh an laghdú sin le méadú ar chuairteoirí ó thíortha Eorpacha eile agus ó Mheiriceá Thuaidh.
“Cé gur fhás an earnáil turasóireachta ina hiomláine in 2017, ba é an t-aon ghné dhiúltach faoi an laghdú ar chuairteoirí ón mBreatain,” a dúirt an tAire Griffin.
“Is í an Bhreatain an margadh is mó fós agus tá sé ríthábhachtach go leanfaimid ar aghaidh ag déanamh ár ndíchill ceann scríbe mealltach a dhéanamh d’Éirinn do thurasóirí ón mBreatain, go háirithe i bhfianaise an Bhreatimeachta.”