Ceacht.ie – Canúintí
http://ceacht.ie/content/na-can%C3%BAint%C3%AD
Beidh tú ag éisteacht le múinteoir ó Chonamara ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus na canúintí ar an taifead ag an nasc thuas, ach ar dtús pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat:
• Cad is brí le canúint? Cén difríocht atá idir canúint agus blas?
• Cad iad canúintí na Gaeilge?
• Cad atá i gceist leis ang Caighdeán Oifigiúil? Éist le Cormac Ó Comhraí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag caint ar dhaltaí Gaeltachta agus a dtuiscint ar na canúintí agus freagair na ceisteanna seo:
• Cathain is mó a chloiseann daltaí Gaeltachta canúintí eile, dar le Cormac?
• Cad é an saghas Gaeilge is mó a chloiseann daltaí taobh amuigh dá gcanúint féin, dar le Cormac?
• Cén fáth a bhfuil sé deacair stór focal ó chanúintí eile a thabhairt do na daltaí?
• Cé a bhíonn ‘ag brú’ rudaí ar na daltaí, dar leo féin?
• Cad atá i gceist le ‘Gaeilge na Leabhar’?
• An mbíonn sé níos deacra duitse rudaí áirithe a léamh as Gaeilge seachas as Béarla? Cén cineál rudaí agus cén fáth, meas tú?
• Cad atá i gceist ag Cormac nuair a deir sé: ‘breathnaíonn roinnt [daltaí] air mar ghéilleadh don rud atá á bhrú orthu ón taobh amuigh ó dhaoine nach labhraíonn Gaeilge ar bhealach nádúrtha’
• Cad a tharlaíonn nuair a chaitear focal nua a chumadh do rud éigin as Gaeilge (má thagann rud éigin nua ar an saol e.g. an t-idirlíon, fón póca, fón cliste etc.)?
• Cén próiseas atá ann chun focal nua a chumadh?