Crosbhorróg
An bhfuil aon bholadh níos deise ann ná crosbhorróg atá díreach tagtha amach as an oigheann? Is comhartha cinnte é go bhfuil an Cháisc buailte linn. Ach an bhfuil a fhios agat conas iad a dhéanamh? Lean an t-oideas thíos agus beidh boladh álainn i do chistin i gcomhair na Cásca!
Na Comhábhair:
110 g siúcra mín
2 thaespúnóg de ghiosta triomaithe
250 ml bainne
75 g im, leáite
1 ubh
600 g plúr bán
2 thaespúnóg de phúdar cainéil
1 spúnóg ilspíosra
225 g sabhdánach
55 g meascán craicne
An chros
75 g plúr bán
An glónra
75 g siúcra mín 1 spúnóg bhoird sú líomóide
An Modh
1. Measc gráinne siúcra le 125 ml uisce. Ansin croith an giosta anuas air. Fág an meascán ar feadh 7 nóiméad. 2. I mbabhla mór measc an meascán de ghiosta leis an mbainne, im agus ubh. 3. Cuir an plúr, spíosraí agus sabhdánach isteach sa mheascán agus measc. Úsáid do lámha más gá. 4. Cuir an taos amach ar bhord atá clúdaithe le plúr agus fuin é ar feadh 10 nóiméad. 5. Cuir an taos i mbabhla atá smeartha le hola agus clúdaigh an babhla le scannán cumhdaithe. Fág
an taos ar leataobh ar feadh 1½ uair. 6. Ansin caith an taos amach ar an gcuntar agus déan ciorcal mór as an taos. Ansin, gearr 12 chruth amach le scian. Rollaigh gach píosa i liathróid agus cuir ar thrádaire iad, le 6 cm eatarthu. Fág an trádaire ar feadh uaire agus méadóidh na liathróidí.
7. Téigh an t-oigheann go 200˚C agus cuir an trádaire isteach san oigheann ar feadh uaire.
An chros
Measc an plúr le 80 ml uisce. Cuir an meascán i mála plaisteach le buinne ag an mbun. Cuir cros ar bharr na mborróg leis an meascán. Cuir isteach san oigheann arís iad ar feadh 20 nóiméad.
An glónra
Measc an siúcra, sú líomóide agus 80 ml uisce le chéile i sáspan agus lig dó beiriú go mall go dtí go dtuaslagann an siúcra. Lean ar aghaidh go dtí go bhfuil síoróip déanta. Lig dó fuarú beagán agus le scuab, cuir an glónra ar bharr na mborróg.