Filíocht Ghaeilge agus cultúr ar an Underground i Londain
Fuair paisinéirí ar Underground Londan blaiseadh d’fhilíocht Raiftearaí ag an deireadh seachtaine agus ceiliúradh mór Éireannach ar bun i bpríomhchathair na Breataine.
Bhí taifead den aisteoir Dearbhla Molloy ag léamh ‘Mise Raiftearaí’ agus dánta eile le clos ar chóras fuaime na dtraenacha mar gheall ar an gcomhoibriú idir Rialtas na hÉireann is údaráis iompair Londan.
Anuas ar an dán Gaeilge a mbeidh aithne ag go leor daltaí scoile air, bhí dán freisin leis an bhfile iomráiteach John Fitzgerald á aithris ag an Aire Talamhaíochta, Michael Creed. Roghnaigh seisean an dán ‘Valley Bachelors’ a aithris do phaisinéirí Londai. Cuireann an dán seo síos ar uaigneas na mbaitsiléirí a bhíonn ina gcónaí ina n-aonar faoin tuath. Rinneadh na dánta a thaifead ag staisiún Charing Cross agus bhí siad le clos ag paisinéirí Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
Ba chuid amháin de thogra ilghnéitheach an fhilíocht a chur ar fáil ach bhí neart eile ag tarlú sa togra ilghnéitheach seo dar teideal ‘Glasú an Underground’.
Bhí ceoltóirí agus oirfidigh eile ó Éirinn ag seinm ag trí staisiún, Waterloo, Tottenham Court Road agus Southwark. Agus é i Londain ar son Lá Fhéile Pádraig, chas an tAire Creed le Méara Londan, Sadiq Khan, agus thug sé cuairt ar ionad na nGael i Londain, an London Irish Centre, freisin. Tá macalla suntasach ag an togra seo le ceann de na ceirníní Gaeilge is mó cáil riamh.
Sna 1980idí d’eisigh an ceoltóir Tadhg Mac Dhonnagáin ceirnín clúiteach dar teideal ‘Raifteirí san Underground’. Chuir an t-amhrán a thug an teideal don albam síos ar an seal a chaith Mac Dhonnagáin ag buscáil san Underground i Londain agus na cosúlachtaí a mhothaigh sé idir a shaol ag an am agus saol Raiftearaí a bhí beo san 18ú haois!