Irish Independent - Seachtain

Rince leis na réalta: cé a gheobhaidh an liathróid lonrach?

-

Cúpla bliain ó shin ní raibh aon chlár teilifíse ar nós Love/ Hate domsa. Oíche Dé Domhnaigh istigh sa leaba agus dáileog mhaith coiriúlach­ta agus bhí agam!

Táim imithe go dtí an taobh eile ar fad na laethanta seo agus mé ag rince leis na réalta – Dancing With The Stars, agus is breá liom é.

Níl fágtha anois ach triúr agus an babhta ceannais ar siúl Dé Domhnaigh seo chugainn. Sé an cheist ná cé a thiocfaidh amach ar barr leis an liathróid lonrach?

Sí Erin McGregor a chaill amach ar áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais tar éis do Jake Carter an ceann is fearr a fháil uirthi agus an bheirt ag rince i gcoinne a chéile agus bhí seans leis mar cheapas go raibh sí níos fearr ná é sa phíosa sin!

Sin ráite bhí Jake anamhaith gach seachtain agus é cosúil le rinceoir proifisiún­ta cuid mhaith don am!

Toisc go raibh Jake íseal sna vótaí pobail an tseachtain seo agus chun an fhírinne a rá ní raibh a fhios againn puinn fé seachas gur deartháir é le Nathan a bhí ann, seans ná éireodh leis.

Fágann sé sin Anna Geary agus Deirdre O’Kane. Tá feachtas ana-mhaith á rith ag Anna agus is rinceoir anamhaith í.

Seans go bhfaighidh sí seanvótaí Rob mar bhí vótaí Chorcaí aige agus seanvótaí Marty toisc an CLG. Sin iad na ceisteanna móra anois! An mbeidh a dóthain aici?

Is soiléir go bhfuil vóta pobail ana-mhór fachta ag Deirdre le roinnt seachtainí anuas, is minic í ag an mbun tar éis vótaí na moltóirí agus thug sí a cosa léi gach uair. Má leanann an treocht mar seo beidh an gáire deireanach ag aici!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland