Aighneas ar Thoraigh
I gceann de na ceantair is áille sa tír, tá cúrsaí ag éirí gránna mar gheall ar thodhchaí seirbhís farantóireachta ríthábhachtach
Tá aighneas ar oileán atá ag crá an Rialtais le beagnach naoi mí anuas ar tí tosú arís d’ainneoin vóta ar chomhaontú.
Is í Toraigh an t-oileán is faide i gcéin ón mórthír ar a bhfuil daoine ina gcónaí, agus í 15km amach ó chósta thiar thuaidh Chontae Dhún na nGall.
Thacaigh grúpaí Gaeilge, Conradh na Gaeilge ina measc, le feachtas an oileáin i ndiaidh d’oibritheoirí báid atá 40 bliain d’aois conradh a fháil chun freastal ar Thoraigh ó Dé Domhnaigh beag seo. Mháirseáil siad go dtí an Dáil fiú i ndiaidh d’oifigigh Roinn na Gaeltachta diúltú do chomhréiteach ar bith.
Ach ag an deireadh seachtaine chaith muintir an oileáin vóta, agus ghlac na vótálaithe, beirt as gach triúr beagnach, le réiteach ina mbeadh bád níos lú a thógfaidh dháréag ag feidhmiú ar an mbealach céanna i dteannta an Queen of Aran a ndearnadh athchóiriú uirthi.
Ach tá an comhréiteach a ndearna iarcheannaire TG4 Pól Ó Gallchóir idirbheartaíocht air á cháineadh cheana féin ó ghrúpa eile ar an oileán. Agus tá roinnt díobh ag iarraidh agóid a eagrú in aghaidh an Queen of Aran.
Tá grúpa a thugann ‘Ag Cuidiú le Toraigh’ orthu féin ag cáineadh an vóta agus ag maíomh gur scar sé lucht an oileáin. Dúirt urlabhraí: “Tá pobal mór Thoraí corraithe agus míshásta leis an dóigh mhíghairmiúil agus sheafóideach ar tugadh faoin vóta ar cheist thábhachtach don Oileán.
“Ba léir sin ón dóigh ar tugadh faoin phróisis uilig, ón easpa cumarsáide ag fógairt na vótála go dtí an dóigh a raibh daoine i dteideal vóta a chaitheamh.
“Ní raibh aon chumarsáid shoiléir ann agus cumadh agus athraíodh na rialacha i rith an dá uair an chloig den vótáil, a chruthaigh níos mó agus níos mó frustrachais de réir mar a tháinig daoine isteach chun vóta a chaitheamh. Ba faoi chomhaltaí an Chomharchumainn cinneadh a dhéanamh cé a bhí i dteideal vóta a chaitheamh gan aon taifead ar chlár vótála.
“Bhí teannas san áit agus uaireanta mhothaigh daoine faoi bhagairt mar go rabhthas ag béiceadh ar dhaoine glacadh leis an réiteach nuair a coinníodh eolas siar chun vóta a chaitheamh go cruinn. Mar gheall air sin d’fhág go leor daoine an t-ionad agus iad ag caoineadh.”
Dúirt an t-urlabhraí freisin go leanfaidís ar aghaidh ag troid ar son a gceart mar shaoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh.
“Leanfaidh muid orainn ag troid i gcomhair seirbhís iompair níos fearr dár bpobal. Leanfaidh muid orainn ag iarraidh an páipéarachas ón bpróiseas tairisceana a fheiceáil.
“Leanfaidh muid orainn ag troid i gcomhair ár bpobail agus a chinntiú go leanann an daonra ar aghaidh ag fás agus ag forbairt.”
Chuir an tAire Joe McHugh fáilte roimh dheireadh an aighnis. Chuir an dlí cosc air páirt a ghlacadh sa phróiseas tairisceana.
Ach is cosúil nach bhfuil deireadh leis an aighneas fós.
Ach dúirt Comharchumann Thoraí gur thacaigh an dream a chónaíonn ar an oileán go lánaimseartha leis na moltaí agus nach mbeadh cead vótála ach acu siúd a chónaíonn ann go lánaimseartha amach anseo.
I rith an vóta, tugadh vóta amháin in aghaidh an tí do dhaoine a chónaíonn ar an mórthír ach a bhfuil teach acu ar an oileán.
Dúirt urlabhraí: “Níor bhain an vóta le glacadh leis an Queen of Aran nó gan glacadh léi. Bhí an Queen of Aran ag teacht ar an chéad lá de mhí Aibreáin cuma céard a vótáil muid. Ghlac formhór an phobail leis sin ag an chruinniú Dé hAoine.
“Bhí go leor cainte ar na meáin shóisialta ag rá go raibh pobal Thoraí ag glacadh leis an Queen of Aran agus ní fíor sin.
“Níl ann ach gur vótáil muid ag aontú leis na moltaí i dtuarascáil Phóil Uí Ghallchóir, is é sin gur aontaigh muid leis an dara seirbhís agus anois tá an rogha againn an Queen of Aran a úsáid nó an dara bád tapa. Mura nglacfaí leis sin, ní bheadh an dara rogha againn ach an Queen of Aran a úsáid.”
Dúirt an ráiteas freisin go bhfuiltear ag glacadh fós leis an vóta dearfach a chaith formhór mhuintir an oileáin, agus go dtacaíonn siad go láidir le coiste an chomharchumainn agus leis an mBainisteoir.