Irish Independent - Seachtain

Sé an tráth sin arís é – tá bolg an Bhunnaí agam don gCáisc!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Tá an Cháisc orainn. De réir na hEaglaise Críostaí an t-am is tábhachtaí den mbliain agus níos tábhachtaí ná an Nollaig!

Is mó de shuim a bhíonn againn sa Nollaig mar go dtagann an fear mór chugainn le bronntanai­s dúinn. Cé nach bhfuil aon fhear mór a thagann don gCáisc tá coinín ag teacht le roinnt blianta anuas agus a cháil fhéin á baint aige!

Nuair a bhíomar óg ní raibh aon chaint ar choinín na Cásca ná aon rud cosúil leis sin. I mbliana beidh

‘Tóraíocht Uibheacha Cásca’ againn timpeall an tí. Is rud Meiriceána­ch é seo is dóigh liom agus aon rud a bhíonn acu siúd, ag pointe éigin tiocfaidh sé anseo! Agus tháinig!

Sin ráite is rud dearfach é seo agus is ócáid chlainne í agus sin mar is ceart. Ceann dos na rudaí a thaithníon­n liomsa fé seo ná caithfidh na leanaí dul agus ‘obair éigin’ a dhéanamh chun na huibheacha a fháil seachas díreach milseáin a thabhairt dóibh! Tugtar gach aon rud ró-éasca dóibh sa lá atá inniu ann dar liom! Nuair a bhíomar an-óg ní bheadh againn ach ubh bheag amháin ach bliain amháin chuas go Baile Átha Cliath i gcomhair na Cásca agus bhíos ag fanacht le clann ann agus den gcéad uair fuaireas ubh mhór Chásca. Ceann ‘After Eight’ a bhí ann. Ón mbliain sin amach fuaireas ceann mór. Fé láthair, agus níl Domhnach Cásca tagtha fós, tá deich gcinn d’uibheacha ag Mícheál Óg. Níl suim ró-mhór aige iontu seachas na milseáin bheaga a bhíonn istigh iontu! Sé Daid a íosfaidh iad is dócha! Bhíos ar an Altóir nuair a bhíos óg agus is cuimhin liom cleachtadh a dhéanamh d’Aifreann na Cásca, ba rud millteach a bhíodh ann agus bhíodh an sáipéal lán go barra.

Ag smaoineamh siar anois táim chun iarracht a dhéanamh an deireadh seachtaine seo mar ní haon mhaitheas na huibheacha agus na coiníní ar fad gan brí éigin spioradált­a a bheith leis an ócáid chomh maith.

Leis an uair an chloig bhreise anois sa tráthnóna braitheann sé i gcónaí go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí agus go bhfuil dorchadas an gheimhridh taobh thiar dúinn.

Deirim é sin gach bliain agus ansin cuimhním ar an aimsir a bhí againn le cúpla samhradh anuas, ar a laghad ní bhíonn sé dorcha ag dul agus ag teacht ón obair!

An rud is measa fén solas seo ar fad bíonn sé ró-shoiléir go bhfuil an bolg tagtha ar ais. Cé go raibh sé le brath ní bhíonn sé fíor go dtí go bhfeicim é.

Tá bolg an Bhunnaí agam don gCáisc aríst!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland