Céim eile i dtreo Cultúrlainne do cheartlár Bhaile Átha Cliath
Glacfar céim eile sa Dáil inniu i dtreo Cultúrlann a bhunú don phríomhchathair a bheadh ar aon dul le hionaid i mBéal Feirste agus Doire.
Tá éisteacht oscailte chun an cheist a phlé glaoite ag an Teachta Dála Peadar Tóibín atá ag tacú leis an bhfeachtas chun ionad cultúrtha Gaeilge a lonnú i lár Bhaile Átha Cliath.
Ag an éisteacht, beidh ionadaithe ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, Áras na nGael i nGaillimh agus Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin ag tabhairt a léargais ar conas a imríonn na hionaid tionchar dearfach ar úsáid na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil siad suite.
Nuair a foilsíodh Plean 2040 an Rialtais le déanaí, luadh ann go mbeadh Cultúrlann do lucht na Gaeilge á lonnú i mBaile Átha Cliath ach níor luadh buiséad ar leith leis an sprioc-am. “Tá lárionaid bhreátha ag lucht na Fraince, na Gearmáine agus na Spáinne i mBaile Átha Cliath ach níl áit ar bith lárnach inar féidir le Gaeilgeoirí de chuile aois teacht le chéile,” a dúirt an Teachta Tóibín. Mar aon leis an éisteacht a bheidh ar bun sa Seomra Closamhairc sa Dáil, tá achainí ar líne tosnaithe ag an Teachta Dála atá dírithe ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan. “Seo Bliain na Gaeilge. Tacaigh linn agus iarr ar an Aire Madigan Cultúrlann a bhunú, ní i gceann deich mbliana, ach anois!” Ní plé agus argóint amháin a bheidh ar bun sa Dáil inniu nó den chéad uair riamh beidh Pop Up Gaeltacht ar bun ann freisin. Tá fáilte roimh gach páirtí chuig an gcóisir Ghaelach a bheidh ar bun i dTábhairne na gCuairteoirí i dTeach Laighean. “Beidh fáilte roimh aon duine le cúpla focal agus a bhfuil fonn cainte orthu,” a dúirt urlabhraí faoin ócáid.
FOCLÓIRÍN Faigh na focail i ndearg Find the words in red éisteacht: hearing Tacaigh: support cóisir: party