Gaeilge ar fud na cruinne . . .
l Cúrsaí foirmeálta tríú leibhéal in 12 thír l 2,000 mac léinn i mbun staidéir ar an nGaeilge l An teanga á múineadh i SAM, Ceanada, agus ón tSualainn go dtí an tSlóvaic
Tá níos mó ná 2,000 mac léinn i mbun staidéir ar an nGaeilge ar chúrsaí foirmeálta tríú leibhéal in 12 thír dhifriúla, dar leis an eolas is deireanaí a fuair Seachtain.
Agus tá na mílte eile ag tabhairt faoi ranganna neamhfho-irmeálta ar fud na cruinne.
Dúirt an tAire Gaeilge Joe McHugh go bhféadfadh an athbheochan i measc an diaspóra cabhrú leis an nGaeilge anseo sa bhaile.
Chuaigh tuismitheoirí Sheila Scott, acadóir, ar imirce go Ceanada ó Éirinn go mall sna 1950idí. Ba chainteoirí líofa Gaeilge an bheirt acu.
Agus cé gur rugadh agus tógadh í i gCeanada, bhí Scott chomh tógtha sin leis an nGaeilge ar an ollscoil go ndearna sí dochtúireacht i gcúrsaí teanga agus anois múineann sí Gaeilge in Ollscoil Ottawa.
Tá sí ar dhuine den dream mór i nDiaspóra na hÉireann atá ag filleadh ar a bhfréamhacha Gaelacha agus ag foghlaim na teanga.
“Tá an-spéis anseo i Meiriceá Thuaidh. Teastaíonn ón gcéad agus ón dara glúin dul agus an chuid sin díobh féin a aimsiú,” a dúirt Scott.
“Ceapaim go dtuigeann an domhan go bhfuil mionteangacha i mbaol mór. Tá daoine ag aithint de réir a chéile má chaillimid na teangacha sin, beidh siad imithe go brách agus caithfear iad a choinneáil beo.”
Tá a cara Danny Doyle ag múineadh le Bord Scoile Caitliceach Ottawa, agus dúirt sé go gcreideann sliocht na n-imirceach Éireannach cosúil leis féin gur nasc í an Ghaeilge leis an am ar caitheadh.
“Is teanga í a bhfuil mé an-phaiseanta fúithi mar go nascann sí mé le mo
shinsir in Éirinn, a théann siar an bealach ar fad go dtí tréimhse réamhstaire na hIarannaoise nó na ré Neoilití,” a dúirt sé.
“Is féidir liom breathnú go muiníneach ar an domhan agus é a thuiscint saghas agus léargas a fháil air mar a bhí ag mo mhuintir leis na mílte bliain.”
Chabhraigh na meáin shóisialta freisin, a dúirt Doyle.
Dúirt an tAire Gaeilge Joe McHugh le Seachtain go raibh 988 mac léinn i mbun staidéir ar an nGaeilge anuraidh i Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi scéim Fulbright – a dhá oiread le hais trí bliana ó shin – agus gur tháinig 53 díobh go hÉirinn le dul chuig an nGaeltacht.
Tá 323 mac léinn eile i mbun staidéir ar an nGaeilge i gCeanada faoi chlár eile.
Tháinig 19 díobh siúd chuig an nGaeltacht anuraidh.
Dúirt McHugh go bhfuil 189 mac léinn eile i mbun na Gaeilge ar leibhéil éagsúla i gcoláistí i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus in Albain, agus go gcabhraíonn Roinn na Gaeltachta le maoiniú do léachtóirí ansin.
Tá ollscoileanna eile ar fud na hEorpa – ocht gcinn sa Ghearmáin, ceann amháin i Vín, i bPoblacht na Seice, sa tSualainn agus sa tSlóvaic, péire sa Pholainn, trí cinn sa Fhrainc – ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge agus suas le 500 mac léinn ag tabhairt fúthu.