CHRIS GREENE: BHÍ DROCHSHEACHTAIN AGAM... MAR GHEALL AR MCGREGOR
DEA-SHEACHTAIN: AN WALMART YODELLER Dea-sheachtain a bhí ann don gheoidléir beag lena fhíseán mearscaipthe ar fud an idirlín anois.
Tar éis an cheolchoirm gan ullmhú a thug sé dúinn ar fad in Walmart tá coirmcheoil cheart bainte amach aige, le poiblitheoir ceolchoirmeacha oifigiúil agus gach rud.
Níl a fhios agam fútsa, ach tá siopadóireacht sách crua domsa mar atá sé, nílim ag cuardach taibhealaín bheo os mo chomhair, ach fós, sheas sé os comhair custaiméirí tuirseacha ag fanacht i líne strusmhar agus thosaigh sé ag béiceach agus ag screadach, nó ag “geoidliú” mar a thugtar air, agus anois is ábhar cainte domhanda é agus na milliúin duine á mholadh. Nach dea-scéal spreagúil faoin aisling Mheiriceánach é. DROCHSHEACHTAIN: MISE Drochsheachtain a bhí ann do scríbhneoirí searbhasacha a bhfuil alt “Dea-Sheachtain/ Drochsheachtain” le scríobh acu.
Tá deacracht mhór agam. Mura scríobhaim faoi eachtraí McGregor beidh gach duine ag rá “Á gabh i leith, cén fáth nár scríobh tú faoi McGregor?
“Sé an scéal is mó ar an domhan é – is cinnte go raibh drochsheachtain aige siúd!”
Ach má scríobhaim faoi “Ó iontach, scéal eile faoin mboc seo,” a déarfaidh cách.
Ní féidir buachan anseo. D’fhéadfá a rá gur drochsheachtain domsa, do cholúnaí nuachtáin dílis a bhí ann. Ach fós, tá orm é a lua. Mar sin, ar aghaidh linn.
Chonaic Conor McGregor bus agus chaith sé dalaí miotail tríd an bhfuinneog, le seans mór anois go gcaillfidh sé a chead oibre sna Stáit Aontaithe.