Irish Independent - Seachtain

Meafair - Ceithre Leibhéal sa Dán

-

Saol an leoin/ainmhí:

− Léiríonn Caitlín Maude tuairimí láidre faoi ainmhithe a thógáil óna dtimpealla­cht nádúrtha agus iad a chur i dtimpealla­cht mhínádúrth­a, iad a choimeád i nGairdín na nAinmhithe. − Tá trua ag an bhfile do na hainmhithe sa zú. Samhlaíonn sí í féin mar ainmhí ‘Is ainmhí mé’... − Léirítear an saol a bhíodh ag an leon sna teochreasa agus déantar comparáid idir sin agus an saol teoranta atá aige anois. − Bhí an-suim ag Caitlín Maude sa tsaoirse i rith a saoil.

Saol an fhile:

− Mothaíonn an file gur ainmhí allta í féin. Bhí sí ag fáil bháis le hailse nuair a scríobh sí an dán seo. Is meafar é an dán dá saol féin, bhíodh sí saor agus álainn agus cumhachtac­h, anois tá sí i ngéibheann ag rud/tinneas atá níos láidre ná í. − Seasann an t-ainmhí don fhile... seans go raibh an file saor tráth ach gur tháinig athrú ar a saol... − Feicimid frustracha­s sa líne ... − Faighimid léargas ar shaol pearsanta an fhile... − Cuireann sí a cruachás agus briseadh croí féin os ár gcomhair trí mheafar an leoin a úsáid go héifeachta­ch. − Deir sí go raibh clú agus cáil uirthi féin. (Sampla ón téacs!) Anois, ba mhaith le daoine cabhrú léi ach ní féidir le héinne an t-aon rud amháin atá uaithi a thabhairt di. − Tá saol an fhile agus saol an leoin fite fuaite lena chéile... Labhraíonn an leon go díreach linn chun ár n-aird a choimeád i rith an dáin... Tá sí ag iarraidh go dtuigfimid a cás agus go mbeidh meas againn ar an ‘ainmhí allta’ a bhíodh inti roimh an tinneas... − Baineann an file úsáid as caint dhíreach, ní léacht atá ann, ach scéal an ainmhí féin. Baineann an file úsáid as friotal nádúrtha, simplí, as caint na ndaoine. Níl aon chaint shaorga (artificial) ann. Tá rithim ghnáthchai­nte le sonrú tríd an dán, tá sé éasca le tuiscint, níl sé casta.

Cás na mban:

− Seans go bhfuil cás na mban in Éirinn i gceist ag Caitlín Maude sa dán seo freisin. − Is cinnte go mbíodh stádas, saibhreas agus cumhacht ag mná na hÉireann fadó, ach nach raibh a leithéid acu in Éirinn le cúpla céad bliain anuas. − Bhí saoirse agus neamhspleá­chas an-tábhachtac­h dar le Caitlín Maude agus pléann sí an t-ábhar seo ina dán ‘Géibheann’ i leith na mban...

Saoirse na filíochta:

− Níl aon phoncaíoch­t sa dán seo; léiríonn an easpa poncaíocht­a an tsaoirse a thugann Caitlín Maude dá dán. − Ritheann an dán ar luas lasrach, cosúil leis an leon. − Níl lánstad ag deireadh an dáin fiú; sheasfadh an lánstad do dheireadh a saoil féin, b’fhéidir, agus ní raibh sí ag iarraidh go dtiocfadh deireadh leis. Seans freisin, go raibh deifir uirthi, toisc go raibh sí tinn, ní raibh go leor ama aici, seasann luas an dáin do luas a saoil féin. − Baineann saoirse leis an tsaorvéars­aíocht atá sa dán. Tugann an file saoirse dá dán trí shaorvéars­aíocht a úsáid. Saorvéarsa­íocht a úsáidtear mar mheadarach­t, níl rím rialta ann. Ní maith léi na rialacha dochta daingne a chuirtear ar an bhfilíocht agus ar dhánta.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland