leictreachas
Tógadh an chéad stáisiún cumhachta hidrileictreach in Éirinn in Ard na Croise, Co. an Chláir
Isaol na linne seo, is rud an-tábhachtach é an leictreachas. Smaoinigh ar na hamanna ar fad a d’úsáid tú leictreachas ó d’éirigh tú ar maidin. Ar úsáid tú leictreachas sa bhaile sular tháinig tú ar scoil? Ar las tú soilse? An raibh deoch te agat nó an ndearna tú arán tósta? An ndearna tú aon rud eile sa bhaile a d’úsáid leictreachas? Agus cad faoi do chuid ama ar scoil? Chun an fhírinne a rá, ní chaithimid mórán ama ag smaoineamh ar leictreachas. Is é sin, ní smaoinimid ar leictreachas go dtí go mbíonn gearradh leictreachais againn agus, go tobann, tuigimid cé chomh tábhachtach agus atá leictreachas sa saol. An cuimhin leat aon ghearradh cumhachta riamh? Cá raibh tú nuair a tharla sé? Cad a rinne tú? Samhlaigh go dtarlaíonn gearradh cumhachta anois díreach - déan liosta de na rudaí ar fad nach bhféadfá a dhéanamh dá mbeifeá gan leictreachas gohamcodlata. Dá mba pháiste tú in Éirinn céad bliain ó shin, bheadh saol an-difriúil agat. Bheadh coinnle agus lampaí agat mar fhoinse solais agus tine mar fhoinse teasa. Ní bheadh ríomhaire, teilifís ná fón agat. Bunaíodh an BSL (ESB) nó an Bord Soláthar Leictreachais sa bhliain 1927. De réir a chéile, bhí an BSL in ann leictreachas a sholáthar chuig gach teach in Éirinn. D’oscail an BSL an chéad stáisiún cumhachta hidrileictreach in Ard na Croise, Co. an Chláir. Gineann cumhacht an uisce cumhacht leictreach. Sa bhliain 1937, thosaigh an BSL ag tógáil
taiscumair nó loch saorga ar abhainn na Life. Thug sé seo uisce le hól do mhuintir Bhaile Átha Cliath agus stóras uisce chun leictreachas a ghineadh. I láthair na huaire, tá naoi stáisiún cumhachta déag in Éirinn – cinn hidrileictreacha chomh maith le cinn a dhónn gual, ola, móin agus gás. Úsáidtear na breoslaí seo chun leictreachas a ghineadh. Dála an scéil, is leis an BSL an chomhlacht Hibernian Wind. Tá Hibernian Wind ag forbairt
feirmeacha gaoithe i gContae an Chláir agus i gContae Loch Garmáin.