Déan lasc le haghaidh do chiorcaid
Chun bolgán a lasadh, is gá ciorcad leanúnach a dhéanamh. Is féidir lasc a úsáid chun ciorcad a bhriseadh agus a athdhéanamh. Nuair a bhíonn an lasc ‘ar siúl’, gluaiseann an leictreachas agus lasann an bolgán. Nuair a mhúchann tú an lasc, briseann tú an ciorcad, ní ghluaiseann an leictreachas agus múchtar an bolgán. Bain triail as na lascanna simplí seo a dhéanamh. BUNÁBHAIR: • Cadhnra • Sreanga • Ceanglóirí páipéir • Cárta • Fáiscín páipéir • Bolgán • Cró bolgáin • Seilitéip • Scragall cistine TREORACHA: LASC UIMHIR A HAON 1. Brúigh na ceanglóirí páipéir tríd an gcárta 1 cm óna gcéile. 2. Cuir an fáiscín páipéir ar cheann de na ceanglóirí (féach ar an bpictiúr). 3. Ceangail na sreanga, na cadhnraí agus an bolgán le chéile. 4. Cad a tharlaíonn nuair a bhuaileann an fáiscín an ceanglóir eile? LASC UIMHIR A DÓ Bain triail anois as lasc brú a dhéanamh. Bíonn lasc brú ar chloigín dorais. Nuair a bhrúnn tú an cnaipe, slánaíonn sé an ciorcad agus buaileann an cloigín. Nuair a bhaineann tú do mhéar ón gcnaipe, tá briseadh ann sa chiorcad láithreach. 1. Brúigh ceanglóirí páipéir tríd an gcárta 1 cm óna gcéile. 2. Fill an cárta. 3. Greamaigh píosa scragaill chistine leis an taobh istigh den chárta
os comhair na gceanglóirí (féach ar an bpictiúr). 4. Ceangail na sreanga, na cadhnraí agus an bolgán leis na ceanglóirí (féach ar an bpictiúr). 5. Nuair a fhilleann tú an cárta, slánaíonn an scragall cistine an ciorcad. Ba chóir go lasfadh an bolgán. T. Nuair a osclaíonn tú an cárta, tá briseadh ann sa chiorcad.