Irish Independent - Seachtain

Tasc Ranga

-

Dá mbeifeá in ann do bhuachaill/do chailín foirfe a dhearadh, cén sórt duine a bheadh ann/inti? Tarraing pictiúr de/di. Tarraing pictiúr den fhear sa dán - an bhfuil siad an-éagsúil? Déan liosta de na rudaí is tábhachtaí/nach bhfuil tábhachtac­h i leannán réalaíoch. Roghnaigh duine cáiliúil a bheadh foirfe duit. Cén fáth a mbeadh sé/sí foirfe? An féidir titim i ngrá le pearsantac­ht an duine, fiú má cheapann tú nach bhfuil sé/sí dathúil? Ceisteanna Samplacha

- Déan iarracht plean simplí a scríobh amach mar fhreagraí ar na ceisteanna seo. Breac síos na príomhphoi­ntí agus an stór focal a bheidh tábhachtac­h duit! Cén éifeacht a bhaineann le húsáid lúibíní sa dán seo? Céard é téama an dáin seo? Ón eolas atá le fáil agat sa dán, cén saghas duine í an file? Cén saghas duine é a grá? Nuala Ní Dhomhnaill Rugadh Nuala Ní Dhomhnaill i Lancashire, Sasana. Rugadh sa bhliain 1952 í. Tógadh sa Ghaeltacht i gCorca Dhuibhne, Contae Chiarraí í. Bhain sí céim amach in Ollscoil Chorcaí. Bhí sí ag múineadh ar feadh tamaill. Bhí sí ina cónaí san Ísiltír agus sa Tuirc ar feadh seacht mbliana. D’fhill sí ar Éirinn ansin agus cónaíonn sí anseo anois. Is file cáiliúil í agus bhuaigh sí go leor duaiseanna agus gradam. Tá níos mó ná cúig chnuasach filíochta foilsithe aici, ‘An Dealg Droighin’ agus ‘Rogha Dánta’ ina measc. Aistríodh a dánta go Béarla freisin. Is ball d’Aosdána í.

Rugadh agus tógadh Pádraig Mac Suibhne i mBeitheach, Ard an Rátha, Contae Dhún na nGall. Rugadh é sa bhliain 1942. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Stair. Ba mhúinteoir meánscoile agus príomhoide é ach tá sé éirithe as anois. Tá dúil mhór aige sa drámaíocht, san fhilíocht agus sa ghearrscéa­laíocht. Chaith sé tamall ag plé le hAmharclan­n an Damer i mBaile Átha Cliath agus bhí páirt aige sa chlár grinn ‘Gleann Ceo’ ar TG4. D’fhoilsigh sé Spaisteoir­eacht agus Solas Uaigneach. Tógadh an dán seo as an gcnuasach Solas Uaigneach.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland