Prós - An Gnáthrud
Oíche Shamhna a bhí ann, i rith thréimhse na dTrioblóidí i mBéal Feirste. Tá an scéal seo bunaithe ar ghnáthfhear, Jimmy, agus eachtra thubaisteach a tharla dó ar ghnáthoíche. Tá teideal an scéil seo an-oiriúnach ar fad. Is gnáthdhaoine iad Sarah agus Jimmy. Tá gnáthchaidreamh acu agus gnáthchlann. Feicimid gnáthlá Jimmy. Is oth liom a rá go bhfeicimid gur gnáthrud é daoine óga soineanta a mharú in ionsaithe seicteacha. • Déan cur síos ar dhá thréith a bhaineann leis an
bpríomhcharachtar Jimmy sa ghearrscéal ‘An Gnáthrud’. • Déan cur síos ar an saol i mBéal Feirste mar a léirítear é sa ghearrscéal ‘An Gnáthrud’. ‘Ba ghnáthdhuine é Jimmy ar tharla eachtra thubaisteach dó’. Déan plé ar an ráiteas seo. • Déan cur síos ar an gcaidreamh a bhí idir Jimmy agus Sarah. Céard atá i gceist le teideal an ghearrscéil seo, ‘An Gnáthrud’? Tá meafar i gceist leis an teideal. Cé gur tubaiste uafásach, scannalach é a tharla do ghnáthfhear soineanta, ba é ‘an gnáthrud’ é daoine soineanta a bheith gortaithe nó maraithe i mBéal Feirste ag an am. Tá íoróin i gceist gurb é seo an gnáthrud. Tharla an tragóid mar chuaigh sé abhaile luath, ní ag a ghnátham, a deich a chlog. Ní raibh aon rud speisialta faoi, níor sheas sé amach. Bhí sé san áit mhícheart ag an am mícheart. Tá meafar i gceist freisin gur mhothaigh Jimmy ciontach nuair a bhí sé sa teach tábhairne, agus arís nuair a luaigh sé a chlann álainn le Liz. Ní raibh Jimmy ciontach ar chor ar bith, ní raibh an tragóid seo tuillte aige. Is iad na dúnmharfóirí atá ciontach, agus nach mothaíonn ciontach ar chor ar bith. Is casadh é seo sa scéal. Cad é an gnáthrud sa ghearrscéal seo: • i gcás Jimmy? • i gcás Jimmy agus Sarah oíche Shathairn? • i gcás na bhfear a oibríonn le Jimmy, Billy mar shampla? • i gcás na ndéagóirí sa bhialann Shíneach? • i gcás mhuintir an Tuaiscirt?