Athrú aeráide: Éire ‘ar cheann de na tíortha is measa san Eoraip’
Agóid dhlíthiúil feachtasóirí aeráide i gcoinne Rialtas na hÉireann, á spreagadh ag dlíthíocht dhomhanda
Tá Éire ar cheann de na tíortha is measa san Eoraip mar gheall ar thaifead ‘uafásach’ an Rialtais i leith an athraithe aeráide, a nochtfar i gcás cinniúnach san Ard-Chúirt an mhí seo chugainn dar le feachtasóirí glasa.
Cuirfidh gréasán grúpaí faoin scátheagraíocht Friends of the Irish Environment (FIE) tús leis an gcás in aghaidh an Stáit sna cúirteanna an 5 Meitheamh.
Bhí comhaltaí den ghrúpa ag cainteanna na Náisiún Aontaithe faoi chúrsaí aeráide in Bonn inné chun plé a dhéanamh ar an agóid dhlíthiúil a thug siad in aghaidh Rialtas na hÉireann mar gheall gur theip air tabhairt faoin ngníomh a theastaíonn chun athrú aeráide contúirteach a sheachaint.
Bhuail siad freisin le dlíodóirí agus le feachtasóirí atá i mbun cásanna dá leithéid sa Bheilg, an Ísiltír, an Eilvéis agus an Iorua.
Tá FIE á spreagadh ag reachtaíocht dhomhanda don athrú aeráide, lena n-áirítear an 900 Ollannach a bhuaigh cás in aghaidh Rialtas na Danmhairge; tá FIE ag cur an dlí ar Rialtas na hÉireann agus ar Ard-Aighne na hÉireann. Is é an cás seo an chéad cheann dá leithéid sa tír.
Dúirt Sadhbh O’Neill ó FIE: “Tá astaíochtaí per capita na hÉireann i measc cuid de na hastaíochtaí is airde san Aontas Eorpach, agus tuartar go méadóidh ár n-astaíochtaí idir 7.5% agus 10% faoi 2020, i gcomparáid le 1990.
MALAIRT
“Sin a mhalairt den mhéid a theastaíonn.
“D’admhaigh an Rialtas arís is arís eile sna Náisiúin Aontaithe má tá athrú aeráide contúirteach le seachaint gur cheart d’Éirinn a hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú idir 25% agus 40% faoi 2020 i gcomparáid le 1990.”
Maítear in agóid dhlíthiúil FIE nach ndéantar a ndóthain i bPlean Náisiúnta Maolúcháin na hÉireann – cuid thábhachtach de bheartas athraithe aeráide an Rialtais – chun astaíochtaí na hÉireann a laghdú agus go sáraíonn sé Acht Aeráide na hÉireann, Bunreacht na hÉireann agus a hoibleagáidí um chearta an duine.
Maíonn FIE freisin go dteipeann ar an bPlean na céimeanna a éilítear faoi Chomhaontú Pháras ar athrú aeráide a chur i gcrích.
Dúirt O’Neill le Seachtain: “Tá iarmhairtí an athraithe aeráide le feiceáil cheana féin in Éirinn, iar-Hairicín Ophelia agus ‘an Torathar ón Oirthear’ ina measc.
“Ach diúltaíonn ár Rialtas an gníomh a theastaíonn a dhéanamh. Tá a Phlean Náisiúnta Maolúcháin ar tí a bheith ina Phlean Náisiúnta Astaíochtaí Ag Ardú.
TORTHAÍ
“Vótáil tromlach mór Thionól Saoránach na hÉireann do cheannaireacht uaillmhianach aeráide, mar sin is do gach duine in Éirinn an cás seo, idir óg agus aosta.”
Tá an tOllamh John Sweeney ar dhuine de na heolaithe aeráide is tábhachtaí in Éirinn, agus dúirt sé: “Níl gníomhartha reatha na hÉireann ag cruthú na dtorthaí a theastaíonn chun a cuid freagrachtaí faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, ná a cuid dualgas dá comhghleacaithe san Aontas Eorpach.
“Tá drogall an Rialtais folláine a shaoránach a chur os cionn leasanna geilleagracha gearrthéarmacha níos soiléire ná riamh mar gheall ar ár n-astaíochtaí atá ag ardú. Ní féidir glacadh le ‘saorthairbhithe’ agus an ghéarchéim aeráide ag dul in olcas – tá saoránaigh na linne seo agus amach anseo i dteideal ceartas aeráide a lorg.”