Irish Independent - Seachtain

Leis an aimsir bhreá, tagann na scrúduithe!

-

Leis an aimsir bhreá tagann scrúduithe, beidh cinn na meánscoile ag tosnú an tseachtain seo chugainn agus gan dabht na cinn Stáit go luath an mhí seo chugainn.

An t-am seo bliana agus mé ar scoil nó sa choláiste bhíodh brionglóid agam ná raibh mo chuid déanta agam dos na scrúduithe céanna. Is minic an bhrionglói­d sin agam ó shin agus mé imithe ón scoil agus ón gcoláiste le tamall fada anois.

Is brionglóid chomónta é seo agus is mó duine go mbíonn sé acu! Bíonn an Síciteirip­eoir Micheal Murphy, sea an fear a bhíodh ag léamh na Nuachta, ar an gclár go minic againn agus an séasúr seo bhíomar dírithe ar bhrionglói­dí.

Nuair a chuireann an fhoireann an scéal amach go mbeidh sé seo á phlé againn briseann an t-idirlíon! Bíonn an saol is a mháthair ag scríobh isteach chugainn.

Lorgaíos míniú na brionglóid­e seo ar Micheal agus dúirt sé ar an gcéad dul síos nach bhfuil aon bhaint aige le scrúdú scoile ná coláiste do dhaoine cosúil liom fhéin, ach deir sé go bhfuil teist eile do shórt eile ar intinn agat!

B’fhéidir go gcaithfidh tú caint mhór a thabhairt ag an obair nó rud éigin mar sin agus tagann na cuimhní seo ar ais chugat a bhí agat na blianta ó shin ó am go chéile – níl d’aigne ag rá ach bí ar an airdeall! Is breá liom an chaint seo ar bhrionglói­dí. An chúis go mbreá linn ar fad iad ná mar go mbíonn siad againn gach oíche.

Ach cad fé thromluí? Bhuel sé atá iontu ná do chorp agus d’aigne ag béiceadh ort dúiseacht suas mar go bhfuil rud éigin mícheart ar an dtaobh istigh agus caithfidh tú rud éigin a dhéanamh mar gheall air!

Tá rud éigin ag cur isteach ort agus ní stopfaidh na tromluithe go dtí go bhfuil san déanta! Nuair a fhéachann tú ar an bhfocal fhéin tromluí is iontach an míniú atá ann.

Do luí nó do chodladh a bheith trom. Tá an focal trom suimiúil, tá sé cosúil le bheith ag suncáil .Pé scéal é is féidir rud éigin a dhéanamh mar gheall air.

Tá’s agam go mbíonn daltaí scoile is coláiste á léamh seo mar go gcuireann libh litreacha chugam ó am go chéile agus is deas é sin.

Mar sin má tá bhur scrúduithe ann an tseachtain seo chugainn nó an mhí seo chugainn guím gach rath oraibh agus tá súil agam gur brionglóid­í agus ní tromluithe a bheidh iontu daoibh!

 ??  ?? DÁITHÍ ÓSÉ
DÁITHÍ ÓSÉ
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland