‘Ní fhaca mise ach cúpla leaid gléasta mar Father Brian agus na Fun Lovin’ Cardinals’
DEA-SHEACHTAIN: KANYE WEST
Dea-sheachtain a bhí ann do Kanye West agus é céasta sna meáin idirnáisiúnta mar gheall ar ráiteas a rinne sé faoi sclábhaíocht ar TMZ.
Dúirt Kanye gur rogha a bhí ann (yaknow, an sclábhaíocht) ós rud é go raibh níos mó sclábhaithe ann ná máistrí, agus dá bhrí sin, meon den phríosúnacht a bhí ann.
Anois, d’fhéadfá a rá liom, “Ach a Chris, tá gach duine ar buile uafásach le Kanye? Tá an ghráin ag an bpobal Afrai-Mheiriceánach air? Tá cách ag magadh agus ag caint faoi?”
Tá cinnte - agus sin atá uaidh.
Nach éachtach agus comhthárlach an rud é go dtarlaíonn na clistí
néarógacha seo aon uair a bhíonn albam, turas nó éadach le poibliú aige. Dar liom féin, sé Kanye atá ag magadh fúinn.
DROCHSHEACHTAIN: AN EAGLAIS CHAITILICEACH
Drochsheachtain a bhí ann don Eaglais Chaitliceach (nó droch-leathscór bliain ag brath ar an gcaoi a mbreathnaíonn tú air) le téama an chairpéid dheirg le haghaidh an MET Gala.
“An Faisean agus Draíocht na bhFlaitheas” a ordaíodh mar ábhar na hoíche.
Níl aon rud chomh gáifeach feicthe agam ón am a raibh orm carráiste a roinnt le cóisir na bpoc ar thraein.
Ní thagann an múisiam seo ó aon dílseacht don Eaglais Chaitliceach, ach a mhalairt, an t-olc atá agam le haghaidh dhomhan an fhaisin.
Tugtar an oiread molta don imeacht seo mar is buaicphointe cruthaitheachta é, ach ní fhaca mise ach cúpla leaid gléasta mar Brendan O’Connor i ré Father Brian and the Fun Lovin’ Cardinals.
A Thiarna, déan trócaire orainn.