Irish Independent - Seachtain

An Léamhthuis­cint 1

-

Ceisteanna: 1. a) Cén leasú conspóidea­ch atá i gceist leis an Ochtú Leasú? b) Cé hí Ms. Y agus céard a tharla di, de réir an ailt? 2. (a) Cén chaoi ar sháraigh rialtas na hÉireann a cearta colainne, dar leis an údar? (b) Cén dualgas atá orainn, dar leis an údar? 3. (a) Cén fáth ar diúltaíodh ceimiteiri­pe do Sheila Hodgers in 1983? (b) Céard atá aitheanta ag na Náisiúin Aontaithe? 4. (a) Cé mhéad bean a thaisteala­íonn thar lear in aghaidh na lae chun ginmhillea­dh a fháil? (b) Cé na buntáistí a bheadh ann do na mná torracha maidir le seirbhísí sláinte a fháil? 5. (a) Cén fhreagrach­t atá orainne mar shochaí, dar leis an údar? (b) Céard atá ag teastáil ón údar seo, maidir leis an ochtú leasú? 6. (a) Sa chéad alt, pioc amach dhá shampla d’ainmfhocal sa Tuiseal Tabharthac­h. (b) Conas a chuaigh an sliocht seo i bhfeidhm ort? Tabhair dhá phointe eolais i d’fhocail féin, as an sliocht, mar thacaíocht le do fhreagra. (Is leor 60 focal.)

Léigh na moltaí seo maidir le ceist 6(b), a bhíonn ar an bpáipéar scrúdaithe, a fhreagairt. Seo freagra samplach daoibh.

1. Chuaigh an sliocht seo go mór i bhfeidhm orm, gan dabht ar bith. Chuir sé idir iontas agus uafás orm. 2. Músclaíodh trua ionam nuair a léigh mé go raibh Ms Y “i mbaol lámh a chur ina bás féin leis an gcrá léanmhar ina raibh sí”. Is scéal truamhéala­ch é sin. 3. Cuireadh uafás orm nuair a lean an t-údar ar aghaidh ag rá go gcaithfear “glacadh leis go bhfuil ginmhillea­dh in Éirinn cheana féin”. 4. Chuir an t-alt seo ag smaoineamh mé ar bhealach nua ar an ábhar seo. 92 focal.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland