Obair bhreise:
- Pioc amach dhá shampla d’ainmfhocal baininscneach sa Tuiseal Ainmneach uatha. - Pioc amach dhá shampla d’aidiacht bhaininscneach uatha. - Pioc amach dhá shampla den saorbhriathar san Aimsir Láithreach. - Pioc amach dhá shampla de bhriathar sa Mhodh Coinníollach. - Déan na focail a bhfuil líne fúthu a aistriú go Béarla; foghlaim na leaganacha Gaeilge. - 6. (b) Bunaithe ar an eolas sa sliocht thuas, déan plé, i d’fhocail féin, ar dhá chúis ar scríobh an t-údar an sliocht seo. (Is leor 60 focal.) Is fiú go mór ailt eile a léamh ar an ábhar seo, má tá aiste ar an ábhar á ullmhú agat nó mar chleachtadh don léamhthuiscint. Seo cúpla rogha daoibh:
1. https://tuairisc.ie/gaeil-ar-son-rogha-agus-gaeil-donbheatha-grupai-feachtais-bunaithe-ag-cainteoiri-gaeilgedo-reifreann-an-ghinmhillte/ 5 Márta 2018.
Tá grúpaí feachtais bunaithe anois ag cainteoirí Gaeilge ar an dá thaobh maidir leis an reifreann ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht a aisghairm – Gaeil ar Son Rogha agus Gaeil don Bheatha… Cuireadh Airteagal 40.3.3, nó an tOchtú Leasú mar a thugtar go coitianta air, leis an mBunreacht i ndiaidh reifrinn in 1983 agus tugann an leasú sin an chosaint chéanna, a oiread agus is féidir, do cheart chun na beatha an linbh sa bhroinn agus na máthar.
2. https://tuairisc.ie/an-reifreann-seasaimis-an-fod-lecheile-go-mbeidh-an-bua-ag-an-mbeatha-in-eirinn/ le Pól Ó Meadhra, 16 Aibreán 2018. Má éiríonn le taobh an ghinmhillte an tOchtú Leasú a aisghairm beidh sé aisghairthe go deo, agus is faoi pholaiteoirí a bheidh sé ansin breithiúnas a dhéanamh cén uair nár chóir an leanbh sa bhroinn a mharú. An taca seo cúig bliana ó shin, bhí an Taoiseach, Leo Varadkar, agus Simon Harris, an tAire Sláinte, ar son na beatha agus i gcoinne an ghinmhillte, anois tá siad i gcoinne na beatha agus ar son an ghinmhillte. Cá bhfios nach rachaidh siad ar ‘aistear’ eile i gceann cúig bliana eile is go mbeidh siad ag lorg ginmhilleadh forleathan suas go 24 seachtain nó nóiméad na breithe féin?... Maidir le saoirse na mban: Is léir nach mbaineann aon tsaoirse le ginmhilleadh ach a mhalairt. Tá sé an-soiléir go mbíonn go leor ban ag fulaingt go dian de dheasca an ghinmhillte. Tá eagraíocht iontach ann darb ainm Women Hurt a thugann tacaíocht agus guth do na mná mí-ámharacha seo. Tugann an leabhar Forbidden Grief le Theresa Burke léargas dúinn ar an bhfulaingt mhillteanach. Mholfainn d’éinne atá ar son na mban é a léamh.