Úsáid iomlán na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2021
An Rialtas ag brú chun spriocdháta a chomhlíonadh le foirne agus bearta nua
Tá intéirneachtaí san Aontas Eorpach lena ngabhann €2,000 in aghaidh na míosa le tabhairt do dháréag céimithe agus an Rialtas ag iarraidh go mbeadh úsáid iomlán na Gaeilge i bhfeidhm faoi cheann trí bliana.
Aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais 11 bhliain ó shin ach cuireadh maolú ar a húsáid iomlán i bhfeidhm go dtí deireadh 2021 chun go mbeadh am ann dóthain saineolaithe a chur faoi oiliúint.
Anois deir an Rialtas go dteastaíonn uaidh an spriocdháta sin a chomhlíonadh le réimse nua beart.
Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag cur airgead ar fáil do réimse sainchúrsaí Gaeilge ar an tríú leibhéal in Éirinn i réimsí ar nós an aistriúcháin, na hateangaireachta, na teicneolaíochta faisnéise agus an dlí.
Teastaíonn gráid dhifriúla ó institiúidí an Aontais Eorpaigh, Dlítheangeolaithe, Aistritheoirí, Profléitheoirí agus Cúntóirí Teangeolaíocha ina measc.
Bíonn an-difríocht sna riachtanais incháilitheachta do na poist sin, a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne.
Ach teastaíonn an tríú teanga oifigiúil de chuid an Aontais chomh maith leis an nGaeilge agus an Béarla óna bhformhór.
As seo go dtí 2021, meastar go méadóidh líon na gcéimithe atá líofa sa Ghaeilge agus ag a bhfuil eolas cuimsitheach ar theangacha eile a theastaíonn ó institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Tá an tAire Joe McHugh le €120,000 in aghaidh na bliana eile a chur ar leataobh anois chun seisear céimithe a cheapadh i mí Mheán Fómhair, beirt sa Choimisiún Eorpach, beirt i bParlaimint na hEorpa agus beirt sa Chomhairle Eorpach.
Cuirfear sé phost eile ar leataobh mí Feabhra seo chugainn.
“Is céim bhreise é seo,” a dúirt McHugh, “i dteannta na gcéimeanna a tógadh anseo in Éirinn
agus sa Bhruiséil chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis an maolú ar an Ghaeilge mar theanga iomlán oifigiúil agus oibre in Institiúidí an Aontais Eorpaigh in 2021.
“Áitím ar chéimithe cuimhneamh ar thairbhí na taithí oibre seo toisc go gcruthóidh sé sruth nua céimithe d’institiúidí na hEorpa a chabhróidh leo a riachtanais earcaíochta a chomhlíonadh.
“Tabharfaidh sé deis do chéimithe barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna Fraincise.
“Cuirfidh an scéim le feasacht na gcéimithe anseo in Éirinn ar na deiseanna atá ar fáil san Eoraip, agus rachaidh an taithí a gheobhaidh siad chun tairbhe na n-intéirneach sin a bhfuil spéis acu oibriú san Eoraip, nuair atá siad páirteach sa phróiseas earcaíochta do na hinstitiúidí féin amach anseo.”
Deir McHugh go gcreideann sé go gcruthóidh an scéim nua deiseanna iontacha do chéimithe a labhraíonn Gaeilge chun tairbhe a bhaint as gairm rathúil agus oibriú i dtimpeallacht ilchineálach le daoine ardcháilithe agus ardoilte.
Tá obair ar bun in institiúidí dara agus tríú leibhéal faoi láthair chun na deiseanna gairme ar fad atá ar fáil san Eoraip a chur chun cinn i measc céimithe, róil Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ina measc. Áirítear le forbairtí eile ceapadh Ambasadóirí do Ghairmréimeanna san Aontas Eorpach i ngach institiúid tríú leibhéal agus cothú leanúnach an dea-chaidrimh oibre le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh.
Tá an Roinn ag obair leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i láthair na huaire chun aird a tharraingt ar na deiseanna atá ar fáil do Ghaeilgeoirí in institiúidí an Aontais.