DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: ÉIRE
Ní raibh an bua againn san Phortaingéil Dé Sathairn seo caite, agus is dea-rud é! Éist liom ar feadh soicind. Cinnte, is gné iontach é aon bhua a baint amach, pé comhthéacs atá ann, ach b’fhéidir nach drochrud a bhí ann nár bhuaigh muid an Euraifís.
Dá mbuafadh muid, bheadh orainn an t-airgead sin ar fad a chaitheamh, an brú sin ar fad a fhulaingt agus an meon teidlíochta sin a bhí againn sna hochtóidí agus nóchaidí faoi bhuachaint gach uile uair a chuir muid aon amhrán isteach.
Toradh fónta a bhí againn sa 16ú hait, agus fuaireamar beagnach trí oiread scór an Ríocht Aontaithe. Sin an fíor-bua anseo.
DROCHSHEACHTAIN: CORCAIGH
Drochsheachtain atá ann do dhuine éigin i gContae Chorcaí atá an-ghar do mhilliún Euro a chailleadh. Sin é mo thromluí. Fiú nuair a dhéanaim scan léasair sa siopa ar sheanticéad, tugaim liom i gcónaí é mar táim chomh paranóideach faoin gcás seo. Beirim air go cosantach agus deirim “No, táim togha!” nuair a iarrann an siopadóir orm faoi é a chaitheamh sa bhosca bruscair. Téim abhaile agus cuirtear i gcarn éle 5,000 ticéad eile.
Níl ach go dtí an 24ú lá de mhí Bealtaine ag daoine éigin a cheannaigh ticéad i gCorcaigh éileamh a dhéanamh ar an duais milliún Euro.
Dar leis an gCrannchur Náisiúnta, “Níl a fhios againn an bhfuil a fhios ag an mbuaiteoir agus go bhfuil siad chun a n-am a thógáil, nó nach bhfuil eolas acu faoin mbua.” Níl a fhios acu.
Níl aon duine chomh réidh sin.