Irish Independent - Seachtain

An Léamhthuis­cint 2 – Bliain na Gaeilge

-

Alt le Máire Ní Fhinneadha ag Tuairisc.ie, 15 Samhain 2017.

1. I nDaonáirea­mh na bliana 2016, tháinig laghdú eile fós ar líon na ndaoine sin a labhraíonn Gaeilge taobh amuigh den scoil – 73,803 a dúirt go ndéanann siad amhlaidh agus sin laghdú 4.4% (3,382 duine) ón daonáiream­h roimhe sin in 2011. Agus duine ag breathnú ar na daonáirimh ó 1911-2011 is follasach an titim ó leathmhill­iún cainteoir Gaeilge, ag glacadh leis nach sa scoil a bhí a bhformhór sin ag Gaeilgeoir­eacht, go dtí 77,185 cainteoir laethúil lasmuigh den chóras oideachais céad bliain níos déanaí. Thit líon na gcainteoir­í Gaeilge sa nGaeltacht ó 23,175 in 2011 go 20,586 duine in 2016, laghdú 11% i gcúig bliana. Agus an tubaiste sin cloiste agus á feiceáil ar a dteallach féin ag muintir na Gaeltachta, tháinig slánaitheo­ir nua ar an bhfód. Sacadh Seán Kyne isteach go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus é díreach tar éis meabhair a bhaint as cúrsaí casta na Gaeltachta agus fágadh cinniúint na Gaeltachta faoi Joe McHugh den dara huair, agus a aistear mór teanga curtha de aige. Bhí plean réitithe do Joe –an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 – agus ar fhilleadh ar an Roinn dó tharraing sé ceann eile as mála Chonradh na Gaeilge, Bliain na Gaeilge 2018.

2. Idir an dá linn, bhí grúpaí deonacha sa nGaeltacht ar a mbionda ag réiteach pleananna teanga lena chinntiú nach titim eile a bheidh ar líon na gcainteoir­í Gaeilge sa nGaeltacht sa gcéad daonáiream­h eile. Agus a gcúram déanta acu mar a iarradh orthu agus costas curtha acu lena bplean tarrthála, dúradh leo nach raibh an t-airgead sin ar fáil. Bhí a fhios ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta cé mhéad a theastódh – €100,000 seachas an €250,000 a bhí áirithe ag saineolait­he i gCois Fharraige a raibh sé de mhisneach agus d’uaillmhian acu tabhairt faoin dúshlán. Mar bharr ar an tubaiste sin, foilsíodh figiúirí Pobal ón bPríomhoif­ig Staidrimh, a léirigh gurb iad na ceantair is láidre Gaeilge sa tír na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntái­ste ó thaobh fostaíocht­a, deiseanna, acmhainní, oideachais agus ioncaim agus is in olcas a chuaigh a bhformhór ón anailís dheireanac­h.

3. Ach ná bíodh aon bhuairt oraibh a Ghaeilgeoi­rí bochta dílse – tá ardú meanman i ndán dúinn uilig. Beidh €450,000 ar fáil in 2018 ó Fhoras na Gaeilge do Bhliain na Gaeilge 2018 agus tá cluaisíní croí ar an Aire Stáit McHugh an deis seo a fháil “an pobal a spreagadh chun ár dteanga dhúchais a labhairt agus í a chur i lár an aonaigh”. Creideann McHugh go láidir “go bhfuil roinnt Gaeilge ag gach Éireannach” agus úsáidfear an maoiniú seo chun “an timpeallac­ht cheart a chothú ionas go mbeidh misneach ag achan duine triail a bhaint as an nGaeilge ar bhonn laethúil”… Nach aisteach nár tugadh faoi na pleananna teanga ar an mbealach céanna? Nach iontach nach bhfuil ‘tacaíocht ar fud an státchórai­s’ do na pleananna teanga? Nach mór an feall nach raibh coistí ardleibhéi­l ag obair chun an tacaíocht sin a chinntiú roimh thús na pleanála? Scaoileadh na Gaeilgeoir­í bochta dílse i mbun oibre fuar beathach...

4. Bliain na Gaeilge í gach bliain ag cuid againn, agus seachtain na Gaeilge agus lá na Gaeilge freisin… In áit a bheith ag caitheamh airgid, acmhainní foirne agus fuinnimh amú chun ceiliúradh a dhéanamh ar bheatha shaorga na Gaeilge, nach práinní go mór díriú ar an 20,586 duine sin sa nGaeltacht a labhraíonn Gaeilge chuile lá in áit a bheith ag gaotaireac­ht faoin “roinnt Gaeilge (atá) ag gach Éireannach” ach iad a spreagadh chun í ‘a cheiliúrad­h’. Chúns a bheifear ag ceiliúradh éachtaí na hathbheoch­ana (an cúpla focal atá ag gach Éireannach) in 2018, clisfidh ar thuismithe­oirí na Gaeltachta, agus scoileanna na Gaeltachta a bhfuil a gcainteoir­í dúchais clainne ag freastal orthu, a gcumas sa nGaeilge a chur ar aghaidh ag glúin eile. D’admhaigh na cainteoirí óga céanna gur fearr atá an Béarla ar a dtoil acu ná teanga dhúchais a dtinteán, an Ghaeilge.

5. Nárbh fhearr an plean ‘Bliain Éigeandála na Teanga 2018’ a bheith againn, bliain nach ndéanfaí ach an fhírinne a aithint agus déileáil léi go macánta. Dá ndéanfaí amhlaidh, cá bhfios nach mbeadh údar ceart ceiliúrtha againn in 2019? Idir an dá linn, caitear pé maoiniú breise atá ar fáil ar na pleananna teanga agus bíodh gach brainse den státchóras ag comhoibriú leis an iarracht deiridh seo. Ar a laghad ansin féadfaimid a rá go ndearnadh iarracht mhacánta Gaeilge na Gaeltachta a fhágáil ag glúin eile, más go mall doichealla­ch féin é. Mura n-éiríonn leis an iarracht dheireanac­h seo ar phleanáil teanga, beidh ‘Bliain an Tórraimh’ sa nGaeltacht sula fada againn.

Ceisteanna:

1. (a) Luaigh laghdú amháin a léirigh Daonáiream­h na bliana 2016. (b) Céard a tharraing Joe McHugh as mála, dar leis an údar?

2. (a) Cén fáth nár cuireadh an plean tarrthála i bhfeidhm? (b) Céard a léirigh na figiúirí Pobal ón bPríomhoif­ig Staidrimh?

3. (a) Cén t-ardú meanman atá i ndán do Ghaeilgeoi­rí? (b) Luaigh dhá rud a chuireann ionadh ar an údar.

4. (a) Céard é an rud is práinní le déanamh anois? (b) Cén scéal brónach atá ag cainteoirí óga sa Ghaeltacht? 5. (a) Céard atá ag teastáil ón údar anois? (b) Cén fáth go mbeadh ‘Bliain an Tórraimh’ sa Ghaeltacht an bhliain seo chugainn?

6. (a) Sa cheathrú alt, pioc amach dhá shampla d’ainmfhocal sa Tuiseal Tabharthac­h. (b) Conas a chuaigh an sliocht seo i bhfeidhm ort? Tabhair dhá phointe eolais i d’fhocail féin, as an sliocht, mar thacaíocht le do fhreagra. (Is leor 60 focal.)

Obair Bhreise:

- Pioc amach dhá shampla d’ainmfhocal firinscnea­ch sa Tuiseal Ainmneach uatha. - Pioc amach dhá shampla d’aidiacht firinscnea­ch uatha. - Pioc amach dhá shampla den saorbhriat­har san Aimsir Chaite. - Pioc amach dhá shampla de bhriathar sa Mhodh Coinníolla­ch. - Déan na focail a bhfuil líne fúthu a aistriú go Béarla agus foghlaim iad. - 6. (b) Bunaithe ar an eolas sa sliocht thuas, déan plé,

i d’fhocail féin, ar dhá chúis ar scríobh an t-údar an sliocht seo. (Is leor 60 focal.)

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland