Irish Independent - Seachtain

An rud tábhachtac­h a d’fhoghlaim mé faoi na daoine óga...

-

Is sa bhliain 1999 a fuaireas mo chéim ó Choláiste Mhuire gan Smál i Luimneach agus b’in an chéad uair riamh a bhíos ag ócáid bronnta na gcéimeanna. Ní rabhas ag ceann acu arís go dtí an Satharn seo caite, bhuel sórt pé scéal é! Bhíos ag bronnadh ach ní céimeanna an uair seo ach gradaim nó teastais, tabhair pé rud is maith leat orthu, píosaí páipéir b’fhéidir!

Sea tá an fear óg críochnait­he leis an réamhscola­íocht agus bhí ‘ócáid’ ann ag an ndeireadh seachtaine! Agus bhí sé ar fheabhas!

Bhí Bean an tí ag rá go mbeadh seans ann go bhfaighead­h na mothúcháin an ceann is fearr uirthi ar an oíche agus bhíos ag gáirí chugam fhéin. Mar a tharla sé bhíos fhéin nach mór níos measa ná í agus níl fhios agam

canathaobh! Is dóigh go raibh sé tar éis trí bliana a thabhairt ann agus aithne againn ar an gcóras a bhí ann.

Is cuimhin liom an chéad lá a thugas ar scoil é agus nuair a bhíos ag siúl amach an doras chasas siar agus chnoc Mícheál leis fhéin agus gan éinne ag caint leis! Bhris mo chroí ina dhá leath agus chun an fhírinne a rá ní rabhas i gceart i gcomhair an lae. Ní dúirt faic le Rita sa bhaile mar tá’s agam go gcuirfeadh sé isteach uirthi.

An chéad lá eile a thugas ar scoil é d’fhéachas siar aríst agus bhí sé ann ag spraoi leis fhéin aríst. Thit mo chroí isteach im’ bholg aríst, ach an uair seo chaitheas mo shúil timpeall an tseomra agus bhíodar ar fad mar an gcéanna. Ní raibh éinne ag caint le héinne eile. Bhíos chomh sásta! Siad na rudaí beaga mar sin a chuireann isteach orm agus táim cinnte go bhfuil an scéal mar a chéile i ngach tig.

Pé scéal é thug Mícheál seachtainí ag foghlaim amhrán agus ní raibh sé sásta go dtí go rabhadar ar fad ar eolas aige. Níor ith sé a dhinnéar an tráthnóna sin mar go raibh an oiread sin sceitimíní air.

Bhí 30 páiste nó mar sin ann agus iad ar fad, bhuel cuid acu, ag canadh na n-amhrán agus bhí gach tuismitheo­ir mar a chéile, ní raibh suim againn ach inár gcuid fhéin. Ní fhaca riamh an oiread ceamaraí in aon áit amháin.

Bhí tae agus cístí deasa ann ag an deireadh agus an chéad rud eile tháinig veain uachtar reoite dos na páistí. Bhí ar na páistí céanna fanacht mar go raibh na tuismitheo­irí ann rompu!

Bhíos ag rá le Rita ar an tslí abhaile ná raibh ach trí ócáid eile mar sin le dul againn, b’fhéidir go raibh sé róluath dos na jócanna!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland