Traenáil speisialta sna cluichí Gaelacha ar fáil do chailíní
Tá cailíní i scoileanna náisiúnta sa Ghaeltacht le traenáil speisialta a fháil sna cluichí Gaelacha chun iarracht a dhéanamh an laghdú ar ghníomhaíocht spóirt ina measc a chur ina cheart.
Léirítear i dtaighde neamhspleách a choimisiúnaigh Peil na mBan (LGFA) agus an t-ollmhargadh Lidl go n-éiríonn leath na gcailíní as an spórt faoi 13 bliana d’aois.
Agus, go ríthábhachtach, léirítear sa taighde gur éirigh go leor díobh siúd as spórt foirne mar gheall ar easpa spreagtha.
Ceaptar go gcabhródh traenáil ar leith do chailíní amháin leis an treocht sin a mhaolú. Feictear freisin go gcabhróidh traenáil i nGaeilge le húsáid na teanga a leathnú i measc na chéad ghlúine eile.
Tháinig an smaoineamh chun cinn i ndiaidh plé idir an tAire Gaeltachta Joe McHugh agus ionadaithe Pheil na mBan i gContae Dhún na nGall.
Teastaíonn ó thraenálaithe ansin treoirthionscadal a chur i bhfeidhm i scoileanna náisiúnta Gaeltachta i mí Mheán Fómhair. Táthar ag smaoineamh ar thraenáil camógaíochta a dhéanamh freisin.
TAIGHDE
Is é Dún na nGall an t-aon cheantar Gaeltachta gan traenáil scoile sa pheil Ghaelach i nGaeilge. Bíonn cailíní agus buachaillí ag traenáil le chéile sna Gaeltachtaí sin.
Ach léiríodh i dtaighde LGFA gur thuairiscigh beagnach beirt chailíní as gach triúr go raibh piarbhrú orthu gach lá agus go mbaineann an brú le cuma faoi leith a chur ort féin le beagnach 3/4 den phiarbhrú sin.
Léiríodh sa taighde go mbíonn cailíní a imríonn spórt níos ábalta dul i ngleic leis an mbrú sin.
Tuairiscíonn cailíní a imríonn spórt go bhfuil muinín níos fearr acu as a gcorp agus folláine mheabhrach níos fearr ná cailíní nach n-imríonn spórt.
Tá difríocht sa spreagadh a thugtar do bhuachaillí agus cailíní freisin chun spórt a imirt agus chun leanúint den spórt – d’aontaigh 71% de na cailíní gur mó an seans go n-éireodh cailíní as spórt mar nach spreagtar iad chomh mór céanna leis na buachaillí. Tuairiscíonn 56% d’fhir go spreagtar go láidir iad le spórt a imirt i gcomparáid le 36% de mhná.
Is mar gheall ar staitisticí mar sin ó shonraí an taighde go bhfuil LGFA Dhún na nGall ag iarraidh seisiúin traenála do chailíní amháin a thosú.
Meastar go bhfuil rannpháirtíocht sa spórt a spreagadh sa bhunscoil riachtanach; léiríodh sa taighde nár bhraith oiread agus cailín amháin a bhí páirteach i spórt foirne go dtí 12 bhliain d’aois uaigneach riamh. Tuairiscíodh tairbhí don tsláinte fhisiciúil agus don mheabhairshláinte sa taighde ar fad ar pháistí agus ar a dtuismitheoirí.
Tuigtear go bhfuil oifigigh ó Roinn na Gaeltachta le bualadh le Peil na mBan agus leis an gCumann Camógaíochta i bPáirc an Chrócaigh go luath chun an chaoi a gcuirfear an scéim i bhfeidhm a phlé.
Dúirt Joe McHugh, an tAire Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán: “Dé hAoine seo caite in Amharclann Ghaoth Dobhair sheol mé an Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Ghaeilge a dhíríonn ar thacaíocht agus comhúinéireacht na straitéise ar fud an Rialtais agus fás na teanga i measc an phobail a spreagadh agus a chumasú,” a dúirt an tAire McHugh.
“Léiríonn an tionscnamh seo ó Pheil na mBan na hidéil sin.
“Ní hamháin go mbaineann an smaoineamh cóitseála seo leis an teanga a chur chun cinn agus a chothú trí ghníomhaíochtaí ón bhun aníos ach tá tairbhe bhreise leis toisc go gcuirfear an tacaíocht ar fáil a theastaíonn chun cailíní a mhealladh chuig spórt agus iad a choimeád rannpháirteach ann.
“Ba chóir tréaslú leo siúd atá i mbun an tionscnaimh seo i nDún na nGall agus táim ag súil le cloisteáil faoin dóigh a bhfuil ag éirí leis an bplé le Peil na mBan.”