Céard sa diabhal atá ar siúl sa Chorn Domhanda craiceáilte seo?
Cá dtosófá fiú le Corn an Domhain i mbliana?
Ó bhriseadh croí na Seapáin go héachtaí na Rúise – agus neart scéalta pearsanta lena gcois sin – bhí dóthain scéalta ann chun leabhar a scríobh faoi.
Agus is cinnte go scríobhfar amach anseo. Ach go dtí sin, féadfaidh muid taitneamh a bhaint as ceann de na comórtaisí is fearr dá bhfaca muid ariamh.
Tá sé soiléir ón méid atá feicthe le seachtain sa Rúis nach bhfuil tuairim faoin spéir ag saineolaithe faoi cá mbeidh corn an domhain ag dul.
Ag tús an chomórtais bhíothas ag tuar gurbh iad an Ghearmáin a bheadh buacach, go háirithe tar éis an phraiseach a tharla le bainisteoir na Spáinne. Faoin am seo, tá an dá fhathach peile sin curtha abhaile, chomh maith le tíortha mór le rá eile cosúil leis an bPortaingéil. Rud amháin atá thar a bheith suntasach ná an tionchar a bhí ag ciceanna pionóis ar an gcomórtas, agus an tsíceolaíocht a bhaineann leo.
Tá an brú sin ábalta cur as go mór d’imreoirí, fiú daoine mar Luka Modric, a chuir deis iontach amú in aghaidh na Danmhairge san am breise. Ní chuirfeá aon mhilleán air dá roghnódh sé fanacht amach ó na ciceanna éirice, ach bhí sé de láidreacht inchinne ann aghaidh a thabhairt arís ar Kasper Schmeichel.
Cuimhníonn daoine go deo ar an té a chuireann an cic amú, agus sin an scéal a bheadh i ndán do Modric, murach a mhisneach.