LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: MUINTIR NA TÉALAINNE Dea-sheachtain gan dabht é don trí dhuine dhéag atá sáinnithe i bpluais sa Téalainn. Cinnte, ní dea-sheachtain iomlán é.
Tá siad sáinnithe i bpluais - ach deasheachtain de shaghas é go bhfuil ar a laghad a fhios againn anois cá bhfuil siad. Tar éis naoi lá anacracha de chuardach tháinig orthu slán sábháilte dar leis an gGobharnóir Narongsak Osottanakorn.
Tuairiscíodh inné go bhfuil seans ann go mbeadh orthu cúpla mí a chaitheamh thíos ann.
Níl a fhios agam céardéfaoina scéalta seo ach tá rud éigin tarraingteach fúthu, cosúil leis an scéal faoi na Mianadóirí sa tSile, breathnaíonn an domhan orthu go dóchasach. Tá súil agam go mbeidh deasheachtain eile le scríobh agam faoin scéal seo faoi cheann cúpla mí. DROCHSHEACHTAIN: MUIDNE Drochsheachtain dúinn ar fad leis an triomach seo. Táimid cosúil le California, an spéiriúlacht idirnáisiúnta. Deirtear go mbeidh méadú mór ar an bpraghas atá ar ghlasraí (brocailí go háirithe) mar gheall ar an nganntanas uisce agus tá sráideanna na cathrach ag leá. Roinnt seachtainí d’aimsir sách te agus is in ifreann atáimid. Anois tá cosc ar phíobáin uisce! Dúirt an Taoiseach cé go bhfuil reachtaíocht ann chun daoine a ionchúiseamh mar gheall ar mhí-úsáid píobán, ach níl sé ag iarraidh go mbeadh ar an gcomhairle an dlí a chur ar aon duine.
Deirtear go bhfuil an caillteanas uisce sa gcóras mar gheall ar sheanphíopaí atá ag sileadh. Ba cheart feabhas a churaran mbonneagar, táim cinnte go mbeadh gach duine sásta íoc as an gcóras a dheisiú.