Irish Independent - Seachtain

Táim thar lear ar saoire – ach in éad leis an aimsir sa bhaile!

-

Tá an t-am sin bliana tagtha dúinn agus é in am filleadh go New Jersey. De ghnáth ní thagann sé róluath tar éis geimhreadh fada agus dorcha. Bheadh éinne ag tnúth go mór le briseadh ach bhí sé difriúil an uair seo. De ghnáth chomh maith bíonn an aimsir go hainnis agus ceo timpeall ár gcluas nuair a bhíonn na scrúduithe thart agus ní bheadh faic uaim ach léimt ar an gcéad eitleán agus na málaí a phacáil agus bhíos chomh sásta le Rí.

Bhí rud éigin ana-dheas fé bheith in áit ghréine agus gach éinne eile sa bhaile agus é ag stealladh báistí agus sásamh á fháil agam as bheith ag féachaint ar na meáin shóisialta agus daoine ag tabhairt amach fén aimsir!

Chun a bheith féaráilte níor chuireas aon phictiúr díom fhéin sa ghrian ag rá ‘féach orainne’, ní maith liom an tsórt sin agus ní maith liom chomh maith go mbeadh fhios ag éinne go bhfuilim as baile! Bhí sé deacair an baile a

fhágaint an uair seo mar go raibh an aimsir go haoibhinn agus an gcreidfeá ach nuair a leaindeála­mar i New Jersey bhí sé ag cur báistí agus go trom! Thosnaigh Rita agus mé fhéin ag gáire. Ní raibh aimsir mar seo againn ó tháinig Rita chun cónaithe in Éirinn i 2010 agus bhí leisce ar an mbeirt againn an teas a fhágaint.

Níor mhair an bháisteach i bhfad mar an mhaidin ina dhiaidh bhí an teas ar ais i bhfoirm tonn teasa agus bhí sé níos teo ná Éire. Leis an dtonn teasa, fós níor theastaigh uaim féachaint ar an pictiúirí deasa ón mbaile.

Is cuma cad a deireann éinne níl aon áit ar nós an bhaile nuair a bhíonn an lá go maith! Agus nuair a bhíonn sé mar sin teastaíonn uaim a bheith ann! Is dóigh liom toisc go mbíonn an oiread báistí againn i rith na bliana nuair a bhíonn sé go deas go dteastaíon­n uainn a bheith ann agus ar shlí tá sé tuillte againn!

Tarlaíonn rud éigin dúinn nuair a thagann an ghrian amach agus feicim sna Stáit Aontaithe i gcónaí é. Bíonn daoine ag dul timpeall agus iad gealgháire­ach agus is iontach é sin a fheiscint. Bhí sé seo againn in Éirinn sa bhliain 1976, dheineamar an rud céanna sa gheimhread­h ach bhí an bhróg ar an gcos eile agus sinn ag caint ar shneachta 1982. Tá cuimhní na haimsire sin imithe anois.

Níl caint na laethanta seo ach ar uachtar reoite – agus ní fhios cé méid 99 a díoladh le cúpla seachtain anuas!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland