An chéad eachtra i gCogadh na Saoirse
Cé go ndeir na leabhair staire gur i Sulchóid Bheag i dTiobrad Árann a tharla an chéad eachtra i gCogadh na Saoirse in 1919, deir muintir Ghaeltacht Mhúscraí gur tharla sé ansin sé mhí roimhe!
Tá ócáid le reáchtáil i mBéal an Ghleanna ar an mbóthar go Béal Átha an Ghaorthaidh Dé Sathairn, 8 Iúil, chun comóradh a dhéanamh ar luíochán ar bheirt constáblaí den RIC cothrom an lae sin in 1918. Tharla an luíochán mar gheall ar chosc ar fheis.