Irish Independent - Seachtain

Seo Linn ag súil go mbainfidh siad an glas le hamhrán nua

-

Tá an banna ceoil Seo Linn ag súil go n-éireoidh leo barr na gcairteach­a a bhaint amach an samhradh seo lena n-amhrán nua.

Tá dhá leagan den amhrán ‘Buy me time’ as Béarla agus ‘Bain an glas’ as Gaeilge - eisithe do lucht leanúna Seo Linn agus an pobal mór.

Tá ag éirí go hiontach le Seo Linn le blianta beaga anuas agus iad ar camchuairt ar fud na tíre agus go hidirnáisi­únta. Le déanaí bhí an banna ag ceol in Áras an Uachtaráin agus iad ag seinm ag cóisir ghairdín chun comóradh a dhéanamh ar insealbhú Dhubhglas de hÍde mar chéad Uachtarán na hÉireann ceithre scór blianta ó shin i searmanas i mBaile Átha Cliath. Tá an dá leagan den amhrán ar fáil ar iTunes, Spotify agus eile.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland