Cairt de dhíth ar lucht oileán
Tá cairt ina n-áireofar cearta daoine atá ina gcónaí ar oileáin amach ó chosta na hÉireann de dhíth.
Sin a deir Tarlach de Blacam ó Chomhlacht Forbartha Inis Meáin agus é ag éileamh nach ngearrfaí siar a thuilleadh ar sheirbhísí do lucht oileán, seirbhísí aeir, farantóireachta agus lastais mar shampla.
Dúirt an tUasal de Blacam go bhfuil gá freisin le réiteach ar chúrsaí leathanbhanda ar oileáin.