Rud éigin aisteach san aer
Idir scannáin, dhrámaí, thaispeántais ealaíne, cheolchoirmeacha, chéilithe agus spleodar eile nach é, tá rud éigin aisteach san aer an tseachtain seo.
Is é an Cultúr atá ann agus ní haon iontas é sin mar seo chugainn Oíche Chultúir Dé hAoine bheag seo, oíche a bheidh á ceiliúradh ar fud na tíre agus go háirithe sna Gaeltachtaí.
Sa Daingean, mar shampla, tá an gearrscannán Spiorad Eilifinte á thaispeáint i bPictiúrlann an Phoenix ag a 6.00 in. Ina dhiaidh sin beidh Eachtra Ealaíne Rúnda ag titim amach agus más mian leat a bheith páirteach ann bí ar an mbus taobh thiar de Supervalu ag 8.45 in. An oíche chéanna i gContae Chorcaí beidh Scléip Mhúscraí ar siúl i gCúil Aodha mar a bheidh Céilí Mór ar siúl in Áras Eamonn Mac Suibhne. Sna Déise beidh taispeántas ealaíne ar siúl i nGailearaí Joan Clancy sa Rinn agus ceolchoirm ina dhiaidh i Halla Cholmáin.
Tuilleadh eolais: culturenight.ie