‘Tá canadh i nGaeilge riachtanach chun labhairt sa teanga’ – ceoltóir
Labhair Mark Philips ó Kodaline agus eisiúint CEOL 2018 ar na bacáin
Tá canadh i nGaeilge riachtanach chun labhairt i nGaeilge, dar le duine de na ceoltóirí is fearr sa tír.
Agus tá Mark Prendergast, giotáraí Kodaline, ag súil go spreagfaidh an tionscnamh is deireanaí de chuid Bhliain na Gaeilge glúin nua chun an teanga a fhoghlaim agus a úsáid.
Gheobhaidh gach scoil sa tír an dlúthdhiosca CEOL 2018 Dé Céadaoin seo chugainn, agus beidh íoslódálacha digiteacha ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal.
Tá ceol Kodaline, The Coronas, Picture This agus Macklemore le cloisteáil i measc na 17 n-amhrán cháiliúla ar an dlúthdhiosca Gaeilge.
Conradh na Gaeilge agus Raidió Rí-Rá a chuir tús leis an albam, a mhaoinigh an Roinn Cultúir.
Tá leaganacha d’amhráin chlúiteacha a bhfuil os cionn leathbhilliún amas acu ar Spotify, gan trácht ar stáisiúin eile, ar CEOL 2018 le hEoghan McDermott ó 2FM.
“Thosaigh mé féin agus Steve an banna sa Ghaeltacht, mar sin bhí an-ghrá agus gean againn don teanga i gcónaí,” a dúirt Mark.
“Bhí muid ar bís a bheith páirteach in CEOL i mbliana, de bharr scála an albaim agus chaighdeán na n-ealaíontóirí eile atá páirteach tá sé ar cheann de na rudaí is spleodraí a tharla sa teanga le fada an lá.”
Agus dúirt Danny O’Reilly, príomhamhránaí The Coronas: “Is breá linn canadh le haghaidh CEOL agus bíonn an lucht éisteachta an-tógtha i gcónaí leis nuair a chanann muid ceann dár n-amhráin as Gaeilge áit ar bith ar domhan – is breá le daoine iad.
“Tá súil agam go spreagfaidh ár n-amhrán Nílimid Bréagach (We Couldn’t Fake It) ar CEOL 2018 agus na hamhráin iontacha eile ar an albam daoine le níos mó Gaeilge a úsáid, go háirithe i mbliana i rith Bhliain na Gaeilge.”
Dúirt Eoghan McDermott, duine d’ambasadóirí Bhliain na Gaeilge: “Ba mhór an onóir dúinn go háirithe i ndiaidh bhás anabaí Dolores O’Riordan, go raibh The Cranberries an-chineálta agus gur lig siad dúinn an traic tionlacain bhunaidh le haghaidh Linger a úsáid, a ndearna Sibéal leagan álainn de.
“Tá muid i mbun an albaim seo le breis agus bliain anois, agus bhí an próiseas ar fad thar cionn. Sa tseachtain deiridh den léiriú, bhí traiceanna á dtaifeadadh i mBaile Átha Cliath, Londain, LA agus Nua-Eabhrac, atá iontach. Is tionscadal an-spleodrach é.”
Déanann Saoirse Ronan réamhrá an albaim.